Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Gaeilgeoirí óga á lorg do shraith clár a chraolfar ar RTÉjr le linn Sheachtain na Gaeilge 

| , ,

Tá Gaeilgeoirí óga idir 8 agus 11 bliain d’aois a bhfuil bua an damhsa acu ag teastáil ón chomhlacht léiriúcháin Macalla Teo le haghaidh sraith clár a chraolfar ar RTÉjr le linn Sheachtain na Gaeilge an mhí seo chugainn.

Ceithre chineál físeáin atá á lorg agus is féidir iad a thaifeadadh ar fhón póca.

Iarrtar ar dhaoine óga amhrán George Ezra Shot Gun’ a bheolbheachtú i nGaeilge, an damhsa Renegade a dhéanamh, do pheata a chur in aithne, nó aon chleas spóirt atá agat a dhéanamh os comhair an cheamara. 

Féadfaidh rang scoile, grúpa cairde nó páiste aonair a bheith sna físeáin.

Tá obair déanta ag an chomhlacht Macalla Teo ar go leor scannán agus clár Gaeilge, ina measc Arracht, fadscannán Gaeilge a bheas le feiceáil sna pictiúrlanna go luath.

Is gá na físeáin a sheoladh ar ríomhphost chuig  tarlinntv@gmail.com faoin 21 Feabhra.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta