Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Tradfest Bharra an Teampaill 2020

| , , ,

Thosaigh Tradfest i mBaile Átha Cliath sa bhliain 2006 mar fhéile nideoige le ceiliúradh a dhéanamh ar cheol traidisiúnta agus ceol tíre. Anois tá sé ar na féilte is mó i saol an cheoil thraidisiúnta agus ardán á thabhairt aige gach Eanáir do cheoltóirí as Éirinn agus as áiteanna níos faide i gcéin.

Ag an am seo den bhliain, ní feidir leat siúl thart ar an phríomhchathair gan ceol traidisiúnta a chluinstin agus, ar a bharr sin, cuireann Tradfest ceolchoirmeacha ar leith ar stáitse i gcuid de na hionaid is stairiúla i mBaile Átha Cliath, Príosún Chill Mhaighneann, Halla na Cathrach agus seaneaglaisí ina measc.

Chaith Meon Eile cúpla lá ann le blaisín a fháil den cheol agus craic. Labhair muid le Clíodhna Ní Chorráin agus Seaghan Mac An tSionnaigh a thug cur síos ar  an am a chaith siad ag an fhéile i mbliana agus le Diane Ní Chanáin a chan ag an deireadh seachtaine.

Chas muid leis na hamhránaithe Sibéal agus Aoife Scott chomh maith, agus foilseofar an dá fhíseán sin go luath.

Tá tuilleadh eolais faoi Tradfest anseo.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta