Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Todhchaí na Gaeilge ó Thuaidh faoi chaibidil

| , , ,

Agus níos mó ná coicís imithe ó foilsíodh an Comhaontú nua ag Stormont, tá éiginnteacht go fóill ann faoin mhéid atá san áireamh ann ó thaobh na Gaeilge de.

D’eagraigh Conradh na Gaeilge seiminéar le déanaí chun deis a thabhairt do bheirt a bhfuil an-chur amach acu ar chúrsaí reachtaíochta a dtuairimí faoi ‘New Decade New Approach’ a roinnt le Gaeil an Tuaiscirt.

Fuair scaifte maith i láthair i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich chun éisteacht leis na dlíodóirí, Daniel Holder ón Choiste um Riarachán Dlí agus Cirt agus Niall Ó Murchú ó KRW Law.

Thug Daniel anailís ar an reachtaíocht nua atá leagtha amach sa Chomhaontú agus ar na himpleachtaí a bhaineann leis maidir le cearta daonna agus cearta teanga.

Thug Niall Ó Murchú barúil dhlíthiúil ar a bhfuil sa doiciméad i dtaca le stair na Gaeilge i gcúrsaí dlíthiúla.

Ar na rudaí is mó a pléadh ag an seiminéar bhí an tátal go mbraitheann aon rud a bhaineann leis an Ghaeilge sa reachtaíocht nua go mór ar dhea-thoil na bpolaiteoirí agus níl aon dabht ach gur údar imní é seo.

Bhí plé oscailte ag an lucht éisteachta ag deireadh an imeachta inar cuireadh an-bhéim ar an fhíric gur céim chun tosaigh é seo go cinnte maidir le cearta teanga a bhaint amach ach ní ceann scríbe é agus cé go dtabharfar stádas oifigiúil don Ghaeilge ó Thuaidh mar chuid den chomhaontú, nach bhfuil Acht Gaeilge bainte amach go fóill.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta