Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Taispeántas Ealaíne: ‘Abandoned – Not Forgotten’

| , ,

Sheol Lise McGreevy a taispeántas ealaíne “Abandoned – Not Forgotten” i nDánlann Dillon i mBéal Feirste le déanaí. Rogha grianghraf atá ann a ghlac sí de thithe tréigthe ar fud Dhún na nGall.

D’úsáid an fóta-iriseoir na griangraif chun cultúir agus teanga na nGael a chur in iúl agus chun ceisteanna a chur faoi shochaí Chúige Uladh. Mar chontae atá suite i dtuaisceart na hÉireann ach atá go fóill sa Phoblacht, is áit ar leith í Tír Chonaill a thug comhthéacs fóirsteanach dá cuid ceisteanna agus do theachtaireacht an tsaothair.

Nuair a chonaic an cumadóir ceoil Marie-Therese Davis an taispeántas den chéad uair, spreagadh í leis an amhrán ‘Celtic Voyage’ a chumadh. D’úsáid sí uirlisí ceoil a bhaineann leis an traidisiún Gaelach agus le traidisiún na hAlban i gCúige Uladh, rud atá ag teacht le téama shaothar Lise.

Ag seoladh an taispeántais labhair muid le Lise McGreevy agus Marie-Therese Davis, chomh maith le Caoimhín Ó Seanáin ó Chultúrlann McAdam Ó Fiaich agus leis an oibrí óige Caoimhe Nic Cú Uladh, a bhí i láthair le páistí scoile ó Ghlór na Mona.

Beidh an taispeántas le feiceáil i nDánlann Dillon go dtí an 6ú de mhí Eanáir, sula rachaidh sé ar camcuairt go SAM agus an Ind.

Thig leat tuilleadh eolais faoin taispeántas a fáil anseo.

Léigh faoi Lise McGreevy anseo agus éist le hamhrán Marie-Therese anseo.

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta