Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge réidh do Chraobh Díospóireachta na hÉireann

| , , ,

Beidh an t-olltoghchán faoi chaibidil ag scoth na gcainteoirí óga ó scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta na tíre tráthnóna inniu agus Craobh na hÉireann de Chomórtas Díospóireachta Uí Chadhain ar siúl i mBóthar na Trá i gcathair na Gaillimhe.

Is é seo an chéad uair riamh a reáchtáladh an chraobh i nGaillimh agus glacfaidh ocht bhfoireann díospóireachta ó scoileanna éagsúla ó cheann ceann na tíre páirt i gcomórtas na sóisear agus i gcomórtas na sinsear inniu.

‘Ba cheart dúinn bata agus bóthar a thabhairt don rialtas seo ag an olltoghchán atá le teacht!’ an rún a bheidh á phlé i mbabhta ceannais na sinsear. Is iad na scoileanna a bheidh san iomaíocht do chraobh na sinsear ná Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Pobalscoil Ghaoth Dobhair agus Coláiste Eoin as Baile Átha Cliath.

I gcomórtas na sóisear, is iad na scoileanna a mbeidh foireann acu – Pobalscoil Chorca Dhuibhne, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, Coláiste Pobail Ráth Chairn agus Coláiste Eoin. ‘Tá cúis ghearáin ag feirmeoirí na hÉireann!’ an t-ábhar cainte a bheidh ag na sóisir.

Is é Micheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta a bheidh mar aoichainteoir ag ócáid an lae inniu.

Beidh luach a saothair ag na buaiteoirí agus €1,000 an ceann le fáil ag na foirne buacacha i gCraobh na hÉireann sa chomórtas díospóireachta seanbhunaithe seo chomh maith le Corn Uisne i Rannóg na Sóisear agus Corn Gael Linn i Rannóg na Sinsear. 

Beidh na babhtaí ceannais, a gcuirfear tús leo ag 4.30pm in Óstán Bhóthar na Trá i mBóthar na Trá, á sruthú beo ar leathanach Facebook Molscéal TG4.

Is iad Gael Linn a eagraíonn Comórtas Díospóireachta Uí Chadhain gach bliain agus ghlac os cionn 50 foireann, ó scoileanna Gaeltachta agus scoileanna lán-Ghaeilge, páirt i gcomórtas na bliana seo.

Coláiste Pobail Ráth Chairn (Sóisear), ó chlé: Seán Ó Súilleabháin, Siún Nic Aogáin, Hannah Nic Eibhearáid
Coláiste Eoin (Sóisear), ó chlé: Mark Mac Anraoi, Antaine Mac Aonghusa, Rónán Ó Fachtnáin
Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua (Sóisear), ó chlé: Mikalya Ní Chuanaigh, Ailbhe Ní Mhurchú, Aedín Ní Mháille
Pobalscoil Chorca Dhuibhne (Sóisear), ó chlé: Antaine Ó Séagha, Meadhbh Nic an Ultaigh, Róisín Dalby
Coláiste Chroí Mhuire, An Spideál (Sinsear), ó chlé: Cainnear Nic Réamoinn, Oisín Ó Coisdealbha, Seán Ó Gallchobhair
Coláiste Eoin (Sinsear), ó chlé: Mel Ó Lorcáin, Lúcás Ó Faoláin, Aaron Groome
Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua (Sinsear), ó chlé, Caoimhe Ní Thuathail, Anna Nic Dhonncha, Anna Ní Laoi
Pobalscoil Ghaoth Dobhair (Sinsear), ó chlé: Gráinne Ní Ghallchóir, Deirdre Ní Chumhaill, Clodagh Ní Ghallchóir

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta