Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

‘Rita agus an Ninja’ le Máire Zepf

| , ,

Nuair a smaoinítear ar sheoltaí leabhar, ní minic a shamhlaítear drumaí, ninjaí agus ceol ach is é sin díreach a bhí i gceist nuair a seoladh Rita agus an Ninja i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich ar na mallaibh.

Is é Rita agus An Ninja an cúigiú leabhar sa tsraith le Máire Zepf ina n-úsáideann an príomhcharachtar, Rita, a samhlaíocht chun éachtaí éagsúla a dhéanamh.

Is é Andrew Whitson maisitheoir an leabhair agus níl aon amhras ach go gcuireann a chuid ealaíne an-bheocht sna scéalta. Is leabhar idirghnníomhach é Rita agus an Ninja ar féidir le páistí na carachtair a aimsiú ann agus iad a léamh.

Tá an leabhar foilsithe ag An tSnathaid Mhór a bhfuil de nós acu seoltaí bríomhara idirghníomhacha mar seo a chur ar fáil don phobal.

Bhí Meon Eile i láthair ag an seoladh agus bhuail muid le Máire Zepf, Andrew Whitson, Caitríona Nic Sheáin ón tSnathaid Mhór agus Rita í féin…

Rita agus an Ninja ar fáil ó An Ceathrú Póilí.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta