Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Year: 2020

An t-alt is mó léamh ar NÓS in 2020

Foilsíodh inné an chéad chuid de liosta na n-alt is mó léamh ar NÓS i gcaitheamh na bliana 2020. Inniu, foilsítear an dara cuid den liosta sin agus arís eile tá togha na n-alt, na bhfíseán, na gcartún agus míreanna eile ón mbliain seo caite curtha le chéile againn daoibh. 

Seo an chéad bhliain ó foilsíodh an t-alt nach bhfuil an áit ar bharr an liosta ag ár dtreoir ’10 ndeasú gnéis as Gaeilge’, cé go bhfuil an t-alt sin fós i measc na n-alt is mó éileamh ar an iris. Is duine nár scríobh do NÓS cheana a thug léi an chraobh i mbliana, agus tá áthas ar fhoireann na hirise go ndeachaigh daoine óga nua i bhfeidhm oraibh chomh mór sin: tá a n-áit tuillte go maith ag Róisín Nic Liam, Máirtín Seoighe, agus Domhnall Ó Braonáin, chomh maith le seanfhondúirí na hirise. 

15 Coróinvíreas an focal is mó a bhfuil borradh faoi ar líne in 2020

Foilsíodh an t-alt seo chomh fada siar le mí Aibreáin agus gan súil ar bith againn an uair sin go mbeadh an víreas fós i mbéal an phobail agus muid fós faoin dianghlasáil is géire Oíche Chinn Bliana agus muid ag caitheamh súil siar ar an mbliain. Ar ndóigh, ba é dia beag na Gaeilge ar líne, Kevin Scannell, a chuir an t-eolas ar fáil dúinn faoi na focail is mó a bhí i mbéal an phobail ag tús na paindéime agus ba bheag athrú a tháinig ar an liosta faoi dheireadh na bliana. 

14. An 30 leabhar Gaeilge is fearr leis na Gaeil

Bíonn an-tóir ar an alt seo le hEoin P Ó Murchú, a foilsíodh den chéad uair in 2017. D’fhiafraigh foireann NÓS de phobal Gaeilge an idirlín na trí leabhar Gaeilge ba mhó a thaitin leo. Chaith 115 duine vóta sa suirbhé agus luadh isteach is amach le 150 saothar ó réimse leathan seánraí. An bhfuil an leabhar is ansa leat féin ar an liosta?

13. Since your name is unpronounceable I have concluded that you are Irish – litir Kilclooney go Gael

Tharraing an polaiteoir John Taylor, nó an Tiarna Cill Chluaine mar a thugann sé anois air féin, droch-cháil cheart air féin i mí na Samhna nuair a thug sé “an tIndiach” ar leas-Uachtarán tofa Mheiriceá Kamala Harris. Sa bhliain 1988 sheol sé litir chuig leas-uachtarán Aontas na Mac Léinn in Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste, Gearóid Ó Muilleoir, inar spoch sé as ainm Gaelach an mhic léinn, agus chuaigh an scéal in go mór i bhfeidhm ar chainteoirí Gaeilge an lae inniu.

12. The Foggy Dew…as Gaeilge! 

Chuir Gráinne Holland s’againn féin an leagan iontach seo de ‘The Foggy Dew’ amach sa bhliain 2015 agus an tír ag réiteach le ceiliúradh agus comóradh a dhéanamh ar Éirí Amach na Cásca. Bíonn an t-amhrán seo i measc na míreanna is mó éileamh ar NÓS bliain i ndiaidh bliana. 

11. Cé mhéad duine a fheiceann an Ghaeilge gach lá ar Twitter? 1,200,000

Tuilleadh taighde ó Kevin Scannell ó Ollscoil Missouri ar liosta na bliana seo! D’aimsigh Kevin 309 cuntas a chuireann ábhar amach ar bhonn laethúil agus ansin d’úsáid sé API Twitter chun anailís a dhéanamh ar leantóirí na gcuntas sin – ba ansin a d’aimsigh sé an 1,200,000 cuntas uathúil a “fheiceann” an Ghaeilge ar Twitter gach lá.

10. FÍSEÁN: Mná na hÉireann ag ceol ar son Women’s Aid

Tháinig ceoltóirí as gach cearn den tír le chéile le leagan speisialta den amhrán iomráiteach ‘Mná na hÉireann’ a chanadh ar son an charthanais Women’s Aid. Thaifead gach duine a phíosa féin den amhrán sa bhaile agus ba é Seán Óg Graham a rinne meascán fuaime air agus Gráinne Holland a bhí i mbun eagarthóireachta. Bhí go leor ban ag streachailt le linn na dianghlasála agus theastaigh ó na ceoltóirí cúnamh a thabhairt dóibh. 

9. Mícheál Ó Ciaraidh ag éirí as TG4

Tar éis dó beagnach sé bliana a chur isteach le TG4, d’fhógair an láithreoir aitheanta Mícheál Ó Ciaraidh in agallamh a rinne sé go heisiach le NÓS go raibh sé le héirí as sa samhradh. Tá a chomhlacht féin bunaithe aige ó shin agus tá ag éirí go maith leis sa chaibidil nua seo dá shaol. 

8. Tá Róisín Wilson Gallda sínte faoin gcréafóg, tá an Liamach Gaelach i measc a muintire arís

Chuaigh an t-alt spreagúil seo ón gCorcaíoch Róisín Wilson go mór i bhfeidhm ar léitheoirí NÓS níos luaithe i mbliana, agus spreag daoine eile dul i mbun pinn agus gnímh faoina n-ainm féin. Chíor Róisín ceist a féiniúlachta féin san alt agus an cinneadh mór a rinne sí an leagan Gallda dá sloinne a fhágáil ina diaidh agus an chuid eile dá saol a chaitheamh faoina sloinne Gaelach. 

7. Tá 46 duine áirithe i gcroíphobal na Gaeilge ar Twitter – cé hiad féin?

An tríú halt a bunaíodh ar eolas a fuarthas ó Kevin Scannell in Ollscoil Missouri. Liosta de na giolcairí Gaeilge atá i ‘gcroíphobal Gaeilge Twitter’ – is é sin le rá na daoine aonair a bhíonn ag giolcaireacht i nGaeilge amháin den chuid is mó den am. Cé go mbíonn na mílte cuntas ag úsáid na Gaeilge anois is arís ar Twitter, níl ach 46 cuntas pearsanta ag croí an phobail sin a úsáideann an Ghaeilge “go príomha agus go rialta”. 

6. Cé hé an cainteoir dúchais Gaeltachta

Thosaigh Máirtín Seoighe, as Conamara, ach ní Gaeltacht Chonamara, ag scríobh do NÓS san fhómhar agus ba é an t-alt misniúil macánta seo faoin tógáil ‘Ghaeltachta’ a fuair sé taobh amuigh den Ghaeltacht oifigiúil a tharraing aird ár léitheoirí ar a shaothar. 

“Ar ndóigh, ní raibh rogha ar bith againn ach Gaeilge a labhairt,” a dúirt sé agus is fiú go mór an t-alt iomlán a léamh. 

5. Focail a tháinig chun cinn le linn Covid-19 

Seo cartún a tharraing Ciaraíoch dúinn i mí Aibreáin, bunaithe ar an eolas a chuir Kevin Scannell ar fáil dúinn faoi úsáid na Gaeilge ar líne le linn na paindéime. Is focail úrnua iad cuid de na téarmaí ar an liosta agus is focail iad an chuid eile acu a bhí sna foclóirí i gcónaí, ach nach raibh chomh mór sin sa chaint. Mar is dual di, tá léaráid álainn chliste déanta ag Ciaraíoch dúinn. 

4. Aimseoidh mé coirnéilín compordach in aice an taephota do na léachtaí ar líne

Duine eile a thosaigh ag scríobh linn i mbliana ná Domhnall Ó Braonáin as Indreabhán i nGaeltacht Chois Fharraige. Is é Domhnall colúnaí ollscoile NÓS don bhliain acadúil 2020/21 agus cé gur beag am a chaitheann sé san ollscoil féin i mbliana, cuireann sé ag machnamh muid ó sheachtain go seachtain lena ailt ghrinn mhachnamhach. 

3. 10 ndeasú gnéis as Gaeilge

Foilsíodh an t-alt seo den chéad uair in 2015 agus go dtí seo bhí sé ar bharr an liosta ag deireadh gach bliana. Cur síos fileata ar dheasuithe éagsúla gnéis don Ghael ar mhaith leis a theanga a úsáid sa seomra leapa – Kama Sutra na Gaeilge! Is é an t-alt seo an t-alt is mó léamh riamh ar NÓS i gcónaí agus spéis leanúnach ag ár léitheoirí sna bealaí is fearr le craiceann a bhualadh as Gaeilge. 

2. Logainmneacha Mheiriceá – Gaelaithe

An léarscáil dheireanach ar liosta na bliana seo (bhí go leor acu ann inné!) agus an dara ceann ó cheárta Eoin P Uí Mhurchú. D’fhoilsigh Eoin an léarscáil seo sna sála ar an gceann a rinne sé de Shasana i dtreo dheireadh na bliana seo caite agus bhí an-éileamh go deo uirthi, go mór mór i measc ár léitheoirí sna Stáit Aontaithe. 

1. Conas is féidir tacú le #blacklivesmatter? Deich leid don duine geal

Seo an chéad alt a scríobh Wuraola Majekodunmi do NÓS. Chuir dúnmharú George Floyd uafás ar mhuintir na hÉireann ag tús an tsamhraidh agus spreag an t-eachtra plé go leor in Éirinn faoin gciníochas sa tír seo. Chuir Ola peann le pár agus thug deich leid don duine geal faoin tacaíocht a d’fhéadfaí a thabhairt don ghluaiseacht frithchiníochais Black Lives Matter.

Níos mó

Oíche Chinn Bliana sa bhaile – manglaim agus moltaí teilifíse!

A 2020, a “chara”.

Níl mórán agam le rá leat inniu. Is cinnte gur tharla roinnt rudaí maithe i mbliana: cuntas Twitter TG4; Irish Women in Harmony; agus Adam ó The Late Late Toy Show. Ach aontaímid ar fad nach bhfuil do leithéid uainn arís, a 2020. Ná tar ar cuairt, ná tar amach, ná bíodh cion agat orainn amárach, mar a dúirt Dua Lipa ar an raidió na mílte uaireanta i mbliana. 

Tá deis amháin fágtha dea-chríoch a chur leis an mbliain agus an tairne deiridh a bhrú isteach i gcónra 2020, agus tá roinnt bhealaí le dul ar an drabhlás sa seomra suí! 

Ólaimis!

Dár ndóigh, ní gá go mbeadh alcól á ól agat anocht. Tá dhá rogha manglaim againn duit thíos! 

Deoir Liomóide 

An-simplí le déanamh sa bhaile, níl ach trí rud uait go mbraithfidh tú an ghrian ag dul a luí taobh thiar díot sa Spáinn.

Cuir oighear  i ngloine. Cuir isteach tomhas caighdeánach vodka, 50ml sú líomóide, agus líon go barr le líomanáid (nó 7Up más é sin atá agat). Mar chríoch, cuir slisín líomóidec nó oráiste sa ghloine leis! 

Mimosa gan alcól 

Seo ceann le déanamh i gcrúiscín agus le roinnt le do chlann nó do cheile tí! 

Cuir oighear sa chrúiscín. Tosaigh le 500ml sú oráiste, ansin measc isteach 50ml grinidín. Líon go barr le ~500ml leann sinséir, críochnaigh le cúpla slisín oráiste agus roinn amach é! 

Ithimis!

Tá an turcaí críochnaithe agus seans go raibh tú ag glacadh sosa mar is ceart. Tá lánchead agat bosca Celebrations a bheith agat don dinnéar anocht. Tá sé tuillte agat. 

Ar an scáileán beag

Tá flúirse clár agus scannán ar fáil anocht. Ní gá duit fiú aistriú amach as na pitseámaí nua a thug Daidí na Nollag duit. 

Ar an teilifís, níor chuir dianghlasáil stop le Graham Norton a chlár bliantúil Oíche Chinn Bliana a dhéanamh ar BBC 1 ag 22:25, le Tom Hanks, Emily Blunt agus Jamie Dornan ag caint, agus Sophie Ellis-Bextor ag casadh poirt. Más greann Éireannach atá uait, tá clár nua ​Mrs Brown’s Boys ​ar RTÉ 1 ag a 21:10. Más ceol atá uait, beidh ceolchoirm de chuid Alicia Keys ar BBC 1 ó 23:30, ​Alicia Keys Rocks New Year’s Eve. Is féidir an clog a fheiceáil beo agus é ag comhaireamh go meán oíche ón amharclann Gaiety i mBaile Átha Cliath ar RTÉ 1, ó 22:45, agus beidh Dáithí Ó Sé agus Muireann Nic Amhlaoibh ar TG4 ó 23.30, agus Jó Ní Chéide agus Josie Ó Cualáin ar RTÉ RnaG ó 22:00

Más scannán atá uait, beidh gunnaí, gluaisteáin agus foirgnimh ag pléascadh in ​Skyfall,​ le feiceáil ar UTV ó 21:00. Beidh grá, greann agus eachtraí Renée Zelwegger in ​Bridget Jones: The Edge of Reason​ ar Virgin Media 1 ag an am céanna. 

Ar dheis Dé go raibh d’anam, 2020. 

Níos mó

<a-href="https://meoneile.ie/"-class="credit-meon-eile"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-na-5-fhisean-pobail-is-mo-o-2020

Na 5 fhíseán pobail is mó ó 2020

Cuid phléisiúrtha d’obair Meon Eile is ea an tuairisciú a dhéanaimid ar na scéalta pobail agus ar na gaiscí atá á ndéanamh ag Gaeilgeoirí ó cheann ceann na tíre ar mhaithe lena gceantracha féin.

Seo cúig cinn de na físeáin phobail is mó ar chuir leantóirí an tsuímh spéis iontu i mbliana…

1. Ranganna aclaíochta ar líne le Conor Mac Labhraí

Bhí an teagascóir aclaíochta, Conor Mac Labhraí, in ainm agus a bheith ag oscailt a ionaid aclaíochta féin i nGaeltacht Thír Chonaill sular tugadh srianta COVID-19 isteach.

Tá áit úr tógtha aige díreach in aice lena theach i nGaoth Dobhair agus lear mór trealaimh ceannaithe aige.

Cé go bhfuil díomá air nach dtig leis an t-ionad a oscailt go fóill, tá an Conor fós ag iarraidh cuidiú le daoine agus iad a spreagadh trína chuid ranganna ar líne.



2. Ag fanacht sa bhaile le Dáithí

Labhair Máirtín Mac Gabhann le Meon Eile faoin chinneadh a thóg sé fanacht sa bhaile lena pháirtí Seph agus a mhac, Dáithí, chun an gasúr óg a chosaint ar COVID-19.

Tugann Máirtín léiriú dúinn ar ghnáthhlá faoi dhianghlasáil agus na híobairtí atá á ndéanamh acu agus iad i mbun féin-leithlisithe. Gabhann sé buíochas leis an phobal atá ag cuidiú go mór leis an teaghlach maidir le cúrsaí leighis agus siopadóireachta.



3. COVID-19: Agallamh leis an Athair Brian Ó Fearraigh

Ar Meon Eile inniu labharaíonn an tAthair Brian Ó Fearraigh linn faoin dóigh a bhfuil an Eaglais ag dul i ngleic le géarchéim COVID-19.

  

4. Airgead á bhailiú le haghaidh trealamh cosanta pearsanta d’oibrithe sláinte

Agus éiginnteacht mhór ann maidir leis an easpa trealaimh cosanta phearsanta atá ar fáil ag oibrithe sláinte ar an líne thosaigh, tá an géarchéim ina bhfuil an tseirbhís sláinte ó thuaidh níos soiléire ná riamh.

I ndiaidh di labhairt le col ceathrair léi atá ina chomhairleoir leighis, chinn Louise Smith as an Mhullach Bán i gContae Ard Mhacha feachtas a thoiseacht ar líne. Is í an sprioc atá aici cuidiú chun an trealamh cuí a chur ar fáil d’oibrithe sláinte, chan amháin sna hospidéil ach dóibh siúd atá ag obair sa phobal chomh maith.

5. Fás faoi na gairdíní pobail

Tá níos mó suime á cur i ngairdíní pobail faoi láthair, agus thug Meon Eile cuairt ar an cheann atá ag an ghrúpa ‘The Three Sisters’ ar Bhóthar na bhFál i mBéal Feirste.

 

Níos mó

Fág slán le 2020 le Dáithí & Muireann ar TG4 agus Jó agus Josie ar RnaG

Fágfaidh Jó Ní Chéide agus Josie Ó Cualáin slán leis an mbliain 2020 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta anocht ar an gclár speisialta Slán le 2020 a fhad is a bheidh Dáithí Ó Sé agus Muireann Nic Amhlaoibh ag cur fáilte roimh an mbliain 2021 ar TG4 ar an gclár Fáilte 2021

Cuirfear tús le Slán le 2020 ar Raidió na Gaeltachta ag 22.00 anocht agus beidh “ceola gus craic” ag Jó agus Josie dúinn go dtí tar éis an mheán oíche.

Is ag 23.30 a chuirfear tús le clár Dháithí agus Mhuireann ar TG4 agus iad ag cur fáilte roimh an mbliain nua le ceol, amhráin, agus “rince den scoth” ó Óstán na Sceilge sa Daingean i nGaeltacht Chiarraí. Rachaidh siad ar chamchuairt Ghaeltachta le “críoch spleodrach ceolmhar” a chur le 2020. 

Beidh Fidil, Emma Ní Fhíoruisce, agus Megan Nic Ruairí i dTigh Leo i nGaeltacht Thír Chonaill; beidh na Hot Toddies i Ráth Chairn na Mí; an banna ceoil Danú i dTigh an Cheoil sna Déise; agus Clann Fhlatharta, Patrick Ó hOibicín agus Johnny Óg Connolly sa Hooker Bar i nGaeltacht Chonamara. 

Beidh Séamus Ó Beaglaoich, Breanndán Ó Beaglaoich, Cormac Begley, Liam O’Connor, Pauline Scanlon agus the Whileaways uilig in Óstán na Sceilge in éineacht le Dáithí agus Muireann. 

Níos mó

<a-href="https://meoneile.ie/"-class="credit-meon-eile"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-5-fhisean-cursai-reatha-is-mo-o-2019

5 fhíseán cúrsaí reatha is mó ó 2019

Bliain chorraitheach, dhúslánach a bhí in 2020. D’athraigh an Víreas Coronach saol achan dhuine anseo in Éirinn agus ar fud na cruinne. Seo súil siar ar chúig fhíseáin a tharraing aird an phobail i mbliana…

1. Scéal mná óige Gaeltachta a bhfuil COVID-19 uirthi

Coicís ó shín d’éirigh Marie Nic Eamharcaigh, as Gaeltacht Thír Chonaill, tinn le pianta agus teocht ard i ndiaidh di teacht abhaile as Londain.

Cuireadh Marie, atá 18 mbliana d’aois, chuig an ionad tástála coróinvíris i Leitir Ceanainn, ar chomhairle a dochtúra agus Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Rinneadh tástáil uirthi agus cúpla lá ó shin fuarthas toradh deimhneach ar an tástáil le haghaidh COVID-19.

Bhí leithlisiú ar súil ag Marie agus a teaghlach ó d’éirigh sí tinn coicís ó shín agus is í an t-aon duine sa teach atá tinn.

Labhair ár bhfísiriseoir Seán Ó Baoill léi inné – seo a bhí le rá aici.



 2. Forbairt tithíochta ag cur imní ar mhuintir Ráth Chairn

Tá Comharchumann Ráth Chairn i ndiaidh cás Ard-Chúirte a thógáil in éadán pleannana le haghaidh forbairt tithíochta suite sa cheantar.

Labhair Meon eile le hÉanna Ó Cróinín, Saoirse Nic Aogáin agus Seán Mac Donnacha faoin chás agus faoin imní atá ar mhuintir na háite mar gheall air. Is i bpáirc idir an bhunscoil agus Ionad Phobal Ráth Chairn atá na pleananna don fhorbairt tithíochta ina mbeidh tríocha teach. Is é seo “croílár an cheantair” a dúirt Ó Cróinín, atá ina chathaoirleach ar Chomharchumann Ráth Chairn.



3. Athrú ó bhonn déanta maidir le torthaí Ardleibhéil

Tá sé ráite ag an Aire Oideachais, Peter Weir, go mbeidh na torthaí bunaithe ar thuar na múinteoirí agus air sin amháin.

Chothaigh an dóigh ar láimhseáladh torthaí Ardleibhéil go leor conspóide an tseachtain seo caite nuair a fuair céatadán mór de mhic léinn torthaí a bhí níos ísle ná a tuaradh roimhe ré.

Labhair cúpla mac léinn le Meon Eile faoin bhealach ar tugadh na torthaí Ardleibhéil amach agus faoin athrú ó bhonn atá déanta ag an rialtas anois mar gheall ar an olc a bhí ar mhic léinn, tuismitheoirí agus múinteoirí araon.



4. Olltoghchán 2020 – Tuairimí ó Ghaeltacht Thír Chonaill

Tá ceann de na feachtais olltoghcháin is giorra agus is géire le fada ag teacht chun críche agus níl fágtha ach cúpla lá go dtí lá mór na vótaí.

Thug ár bhfísiriseoir Seán Ó Baoill cuairt ar Ghaeltacht Thír Chonaill, áit ar labhair sé le roinnt daoine fán cheantar le fáil amach cad iad na rudaí is mó atá ag cur imní ar mhuintir na Gaeltachta agus cad é lena mbeidh siad ag súil ón rialtas úr…



5. Na coláistí samhraidh Gaeltachta i mbaol

Labhair Meon Eile le Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, faoi na himpleachtaí a bhaineann leis an ghéarchéim do mhuintir na Gaeltachta agus do stádas na Gaeilge ar fud na tíre. 

Labhair muid le Conchobhar Mac Giolla Bhríde atá ina phríomhoide ar Choláiste Bhun an Inbhir faoin tionchar a bheas ar fhoireann na gcoláistí chomh maith leis na mná tí agus daltaí scoile a théann chun na Gaeltachta achan bhliain chun blaiseadh beag a fháil de shaibhreas an chultúir sa Ghaeltacht. 



Níos mó

70+ leabhar Gaeilge foilsithe in 2020

Foilsíodh 72 leabhar i nGaeilge in 2020 faoi Scéim na Foilsitheoireachta, scéim a reáchtálann Foras na Gaeilge le cúnamh airgid a thabhairt d’fhoilsitheoirí saothair i nGaeilge a chur ar fáil don phobal léitheoireachta. Cuirtear tacaíocht maoinithe ar fáil sna réimsí táirgeachta, margaíochta agus forbartha.

De réir eolais a chuir Foras na Gaeilge ar fáil, thapaigh 12 foilsitheoir Gaeilge an deis maoiniú a fháil ón eagras stáit agus cuireadh 72 leabhar Gaeilge i gcló le 12 mí anuas. Chomh maith leis sin, tháinig ardú 5.3% ar dhíolachán leabhar Áis, an Áisíneacht Dáileacháin Leabhar, in 2020 i gcomparáid le 2019. Dáileadh 200,000 leabhar ar níos mó ná 250 siopa leabhar ar fud na tíre agus thar lear. 

Cuirtear maoiniú ar fáil faoi Scéim na Foilsitheoireachta do “théacsanna úrnua i nGaeilge” agus é mar aidhm ag an bhforas “scríbhneoireacht úrnua i nGaeilge a chur chun cinn”. Tugtar maoiniú do go leor cineálacha éagsúla leabhar, idir fhicsean agus neamhfhicsean. Ní thacaítear le téacsleabhair scoile ná le haistriúcháin ón mBéarla faoin scéim, agus níl leabhair den chineál sin san áireamh san fhigiúr ’72 leabhar’ thuas. 

Níos mó

Dianghlasáil míosa fógartha agus ‘fás as cuimse’ ar líon na gcásanna Covid-19

Fágfar na scoileanna dúnta go dtí an 11 Eanáir agus cuirfear srianta dianghlasála i bhfeidhm go dtí an 31 Eanáir mar chuid den iarracht is déanaí ag an Rialtas dul i ngleic leis an ardú mór ar líon na gcásanna den Covid-19.

D’fhógair an Taoiseach Micheál Martin tráthnóna go mbeadh cosc ar chuairteoirí chun an tí ón óiche anocht agus go rabhthas ag iarraidh ar dhaoine fanacht ag baile agus gan bualdh le daoine arís.

Beidh cosc ar thaisteal níos faide ná cúig chiliméadar ó bhaile agus dúnfar siopaí nach bhfuil riachtanach agus ionaid aclaíochta tráthnóna amárach.

Fógraíodh tráthnóna go raibh 1,718 cás nua den ghalar deimhnithe agus go raibh 13 duine eile curtha den saol ag an ngalar.

Dúirt an Príomoifigeach Leighis an Dr Tony Holohan nach céim an tsrianta a bhí a thuilleadh ach céim an mhaolaithe.

Dúirt an Taoiseach gur in olcas a rachadh na figiúirí sna laethanta amach romhainn agus go raibh fás “as cuimse” ag teacht ar líon na gcásanna.

Dúirt sé go raibh rudaí “an-tromchúiseach” agus go gcaithfí gníomhú anois nó go mbeadh an baol ann go dteipfeadh ar an gcóras sláinte déileáil le líon na gcásanna agus go bhfaigheadh a thuilleadh daoine bás.

Tá dúbailt tagtha ar líon na n-othar Covid-19 sna hospidéil le seachtain anuas. 455 duine a bhfuil Covid-19 orthu atá sna hospidéil agus tá 37 acusan in aonad dianchúraim.

Dúirt an Taoiseach go bhfágfaí na scoileanna dúnta seachtain eile chun deis a thabhairt do dhaoine líon na dteagmhálaithe a bhíonn acu a laghdú sula n-osclófar arís iad.

Bhí an mhaidhm is déanaí den ghalar éagsúil ó cheann an fhómhair, arsa an Taoiseach. Bhí sin amhlaidh mar gheall go scaiptear níos éasca an tréithchineál is déanaí den víreas.

Údar imní chomh maith an fás ar líon na ndaoine os cionn 65 a bhfuil an galar á tholgadh acu.

Thug an Taoiseach le fios gur idir 1.6 agus 1.8 atá ráta scaipthe an ghalair anois.

Seachtain ó shin bhí toradh dearfach ar 5% de thástálacha ach inné bhí an galar ar 18% de na daoine a cuireadh tástáil orthu.

273 ráta coicíse an ghalair in aghaidh gach 100,000.

Dúirt an Taoiseach áfach go raibh údar dóchais anois ann nach raibh ann sa bhfómhar nó san earrach – teacht na vacsaíní.

Is féidir a rá den chéad uair, arsa Martin, gur “gearr go mbeidh sé thart”.

D’iompaigh sé ar an nGaeilge ag deireadh a óráide agus dúirt go dteastódh “air, cúram agus foighne” agus “spiorad na meithle” as seo go ceann míosa.

“Táim cinnte go dtiocfaimid slán, caithfimid a bheith dóchasach. Mar a deir an seanfhocal, is é an dóchas lia gach anró,” a dúirt an Taoiseach Micheál Martin.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu gur deimhníodh 2,143 cás nua den Covid-19 agus gur bhásaigh seisear eile a raibh an galar orthu.

377 ráta coicíse an ghalair in aghaidh gach 100,000 sa Tuaisceart. 455 duine a bhfuil Covid-19 orthu atá sna hospidéil agus tá 35 acusan in aonad dianchúraim.

Tá 33,683 dáileog den vacsaín Pfizer-BioNTech tugtha do dhaoine sa Tuaisceart agus cuirfear an vacsáin Oxford/AstraZeneca ag obair ansin an tseachtain seo chugainn. Fuair daoine ó dheas den teorainn an tsnáthaid den chéad uair inné. Annie Lynch, bean 79 bliain as Baile Átha Cliath, an chéad duine a fuair an vacsáin Pfizer-BioNTech sa stát ó dheas.

Tá 3,537 duine a raibh an galar orthu básaithe in Éirinn ó thosach na paindéime, 1,311 duine ó thuaidh den teorainn agus 2,226 duine ó dheas di.

Níos mó

Níos mó daoine básaithe de dheasca Covid-19 ná mar a maraíodh le linn na dTrioblóidí

Tá níos mó daoine in Éirinn tar éis bás a fháil de dheasca an víris chorónaigh ná mar a maraíodh o thús deireadh na dTrioblóidí ó 1969 go 1998. De réir na bhfigiúirí is deireanaí a d’eisigh na rialtais ó thuaidh agus ó dheas, tá 3,537 duine in Éirinn tar éis bás a fháil de dheasca Covid-19 – 1,311 sa Tuaisceart agus 2,226 sa gcuid eile den tír. 

Fágann sé sin go bhfuil níos mó daoine tar éis bás a fháil mar gheall ar an víreas nua le deich mí anuas ná mar a maraíodh le linn na dtríocha bliain a bhí na Trioblóidí ar siúl. Is deacair greim a fháil ar staitisticí cruinne faoi líon na ndaoine a maraíodh le linn na coimhlinte, thuaidh agus theas, ach tugtar an figiúr 3,532, idir chomraiceoirí agus shibhialtaigh, ar an suíomh ‘Conflict Archive on the Internet’ – tionscadal de chuid Ollscoil Uladh.

Fógraíodh 2,143 cás nua den víreas corónach sa Tuaisceart inniu – an líon is mó cásanna in aon lá amháin ó thús na paindéime. Ba i mBéal Feirste a tuairiscíodh an chéad chás den víreas in Éirinn i mí an Mhárta agus bhí 70,905 cás sa réigiún ó shin. 

Ar an taobh eile den teorainn, fógraíodh 1,718 cás den víreas tráthnóna – i bhfad níos mó ná an 1,546 cás a fógraíodh inné. Tá líon iomlán na gcásanna ó dheas anois níos mó ná 90,000. Thuairiscigh NPHET 13 bás eile inniu freisin, rud a thug líon iomlán na mbásanna os cionn an fhigiúir a luann Ollscoil Uladh leis na Trioblóidí. 

Tá an dá réigiún faoi dhianghlasáil arís agus srianta Leibhéal 5 díreach fógartha ag an Taoiseach don chéad mhí eile. 

Níos mó

Na hailt is mó léamh ar NÓS in 2020

Tá deireadh na bliana 2020 ag druidim linn – ar deireadh thiar thall – agus é in am ag súil siar a chaitheamh ar na hailt is mó a tharraing aird léitheoirí NÓS i gcaitheamh na bliana. Ainneoin a uafásaí is a bhí an bhliain d’fhormhór na ndaoine in Éirinn agus ar fud na cruinne, bhí bliain an-mhór ag NÓS féin agus beidh tuairisc iomlán againn ar an méadú as cuimse a tháinig ar líon na léitheoirí ar an suíomh Lá Caille. 

Thosaigh go leor scríbhneoirí nua ag scríobh dúinn i mbliana – ár gcolúnaí ollscoile Domhnall Ó Braonáin, mar shampla —  agus bhain muid triail as rudaí nua ar nós ranganna ceardaíochta le Gearóidín McEvoy. Tá súil againn gur thaitin an t-ábhar a cuireadh ar fáil: idir ailt, fhíseáin, chartúin agus eile lenár léitheoirí ar fad i mbliana, agus tá súil againn go mbeidh sé d’acmhainn againn leanstan orainn in 2021. 

30. Cré na Cille curtha ar fáil saor in aisce mar ríomhleabhar ag Cló Iar-Chonnacht

Nuair a fógraíodh an chéad dianghlasáil i mí Mhárta na bliana seo, b’éigean siopaí leabhar na tíre a dhúnadh. Ba bhuille mór é do shiopaí beaga ar nós An Siopa Leabhar i mBaile Átha Cliath, an Cheathrú Póilí i mBéal Feirste agus do na tithe foilsitheoireachta féin fud fad an oileáin. Ach i mí Aibreáin bheartaigh Cló Iar-Chonnacht ar an Spidéal i gCois Fharraige “tacú le léitheoirí na Gaeilge atá sa mbaile faoi láthair” agus ríomhleabhar amháin a chur ar fáil saor in aisce gach seachtain idir Aibreán agus Meitheamh. Thosaigh siad leis an leabhar is mó cáil i saol na Gaeilge – Cré na Cille le Máirtín Ó Cadhain. 

29. Is é a ainm an ghné fhéiniúlachta is bunúsaí atá ag duine

Scríobh Gearóidín McEvoy i mí Mheán Fómhair faoin taithí phearsanta le hainm Gaeilge a bheith uirthi, in Éirinn agus thar lear, agus faoin taighde atá ar bun aici ar an ábhar céanna dá PhD. Phléigh Gearóidín an choimhlint idir an fhéiniúlacht phearsanta agus an fhéiniúlacht a “bhrúnn an tsochaí ar an duine aonair” chomh maith le cás na ndaoine bodhra in Éirinn, daoine trasinscneacha a bhíonn ag streachailt leis an deadnaming agus, ar ndóigh, cás na ndaoine a bhfuil ainm Gaeilge orthu.

28. An cuimhin leat nuair a chan Kate Bush as Gaeilge?

Bhí an ceoltóir aitheanta Dónal Lunny faoi agallamh ag Ryan Tubridy ar RTÉ Radio One i mí Lúnasa nuair a thug sé chun cuimhne an tréimhse a chaith i dteannta an amhránaí cháiliúil as Sasana Kate Bush – agus í ag múineadh na Gaeilge di! Mar a tharlaíonn sé, bhí a fhios ag léitheoirí NÓS cheana féin faoin gceangal atá ag Cáit Bhúiséir leis an nGaeilge mar gheall ar alt a foilsíodh ar an suíomh in 2018 faoina seanuncail, Pádraig Ó Dálaigh, a bhí ina Ard-Rúnaí ar Chonradh na Gaeilge in 1915. 

27. Bronntanais don Ghael i do shaol – liosta mór moltaí don Nollaig

Bhí sraith alt againn níos túisce an mhí seo ó scríbhneoirí éagsúla le cabhrú lenár léitheoirí earraí Éireannacha – agus sa chás seo Gaelacha – a cheannach an Nollaig seo. Bhí feachtas mór ann tacú le siopaí beaga Éireannacha a bhí ag streachailt go mór le linn na paindéime, agus tá súil againn gur chabhraigh na hailt a bhí againne leo. Ba í Niamh Ní Shúilleabháin – nó ‘Déan Féin É’ mar is fearr aithne uirthi ar na meáin shóisialta – a chuir an liosta seo de bhronntanais Ghaelacha le chéile. 

26. 8 scannán iontacha Éireannacha ar Netflix don Choraintín Mór

Is deacair cuimhneamh ar gach sraith Netflix a chonaic muid ó thús na paindéime: Tiger KingSpace ForceThe Queen’s Gambit? Ratched? Gan chaint ar na scannáin fhaisnéise ar nós 13th, ceoldrámaí ar nós Hamilton agus, ar ndóigh, na scannáin agus sraitheanna go léir a bhí ar Disney+ nuair a seoladh an tseirbhís sin in Éirinn. Ach chuir Eoin Ó Dubhghaill an liosta breá seo le chéile de na scannáin is fearr a rinneadh in Éirinn atá ar fáil ar Netflix – ar bhreathnaigh tú féin ar aon cheann acu? 

25. Léarscáil Tolkien-each Ghaeilge d’Éirinn cruthaithe ag Lord of Maps

D’fhoghlaim go leor againn ceird nó scil nua agus muid faoi dhianghlasáil, thosaigh daoine eile spóirt nua, agus bhunaigh daoine eile fós comhlachtaí nua. Ar dhuine de an fiontraithe sin bhí Isaac Dushku as Utah i Stáit Aontaithe Mheiriceá, a chuir tús lena fhiontar Lord of Maps. Tharraing Isaac léarscáil d’Éirinn i stíl aitheanta JRR Tolkien, ach níos fearr fós, chuir sé leagan i nGaeilge ar fáil freisin! Dúirt Isaac linn i ndiaidh dúinn an t-alt seo a fhoilsiú gur ceannaíodh níos mó den leagan Gaeilge sin ná mar a ceannaíodh de léarscáil ar bith eile a bhí déanta aige go dtí sin. Seo an chéad alt faoi léarscáileanna atá ar liosta na bliana seo, ach tá i bhfad níos mó le teacht…

24. 6 bhotún choitianta sa Ghaeilge  

Bíonn an t-alt seo, a scríobh le cúnamh ó fhoireann Ghaelchultúir in 2015, i measc na n-alt is mó léamh bliain i ndiaidh bliana – agus údar maith leis sin! Seo samplaí de na botúin is mó a chloiseann teagascóirí Ghaelchultúir ó fhoghlaimeoirí Gaeilge agus moltaí chun feabhais don té ar mhaith leis feabhas a chur ar a chuid scileanna teanga féin. 

23. Amhrán na hAoine: Amhrán na nGael

Alt eile ón gcartlann: foilsíodh an t-agallamh seo le Méabh Ní Bheaglaoich den chéad uair in 2017, ach bhí sé i mbéal an phobail arís i mbliana. Amhrán fuinniúil máirseála lán ceoil agus reacaireachta é ‘Amhrán na nGael’ ina nglaoitear ar Ghaeil na tíre cuimhneamh ar an saibhreas teanga agus cultúir atá ionainn go smior. Labhair Méabh linn san agallamh seo faoi chúlra agus teachtaireacht an amhráin. Ná dearmad go mbeidh albam nua ag Méabh san Athbhliain! 

22. FÍSEÁN: Gruaig na mBan Dubh le Wuraola Majekodunmi

Tá Ola ar dhuine de na scríbhneoirí nua a thosaigh ag scríobh do NÓS i mbliana agus tá an-áthas orainn go bhfuil sí linn! Rinne sí an físeán seo lenár stiúrthóir físeán Gráinne Holland bunaithe ar mhír a scríobh dí do Meascra Ón Aer, clár a bhí ag Marcus Ó Conghail ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Foilsíodh na míreanna cainte a thug daoine éagsúla uathu ar an gclár i leabhar dar theideal céanna, agus thaitin an leagan físeáin seo den mhéid a scríobh Ola faoi thábhacht ghruaig na mban dubh go mór libh. Faraor, spreag an dreas spreagúil cainte go leor ciníochais ar YouTube agus ar Twitter, ach ba chróga an aghaidh a thug Ola ar an ionsaí céanna. 

21. Glórtha Gaeilge á lorg ag TCD  

Bhí foireann an ionaid ABAIR i gColáiste na Tríonóide ag lorg glórtha i nGaeilge dá dtionscadal ‘Míle Glór’, agus súil acu córas aitheanta cainte ar nós na gcóras atá in úsáid do leithéidí Siri agus Alexa a chruthú don Ghaeilge. Bhí ‘míle glór’ uathu le go mbeadh an córas in ann gach cineál Gaeilge a aithint. Chruthaigh siad suíomh ar líne ar arbh fhéidir le duine ar bith abairtí Gaeilge a léamh os ard agus a gcuid taifeadtaí a uaslódáil – bealach maith leis an am a mheilt aimsir an Choraintín!

20.  Léarscáil ‘Tiúb Londan’ curtha i nGaeilge

D’fhoilsigh garda traenach de chuid Ffestiniog & Welsh Highland Railways i dtuaisceart na Breataine Bige leagan Breatnaise de léarscáil an iarnróid faoi thalamh in London i mí Feabhra na bliana seo. Mí ina dhiaidh sin, chuir BC Mac Giolla Mhuire a leagan féin – i nGaeilge – den léarscáil ar fáil. 

19. Iarrachtaí ar bun Gaelscoil a bhunú san Astráil 

Tháinig grúpa cainteoirí Gaeilge le chéile in Victoria na hAstráil le scoil dhátheangach a éileamh ar údaráis oideachais na tíre sin. Seoladh achainí ar líne inar luadh an scoil Ghearmáinise atá ag feidhmiú in Melbourne cheana féin chomh maith le gluaiseacht na Gaelscolaíochta in Éirinn mar shamplaí den chineál scolaíochta a d’fhéadfaí a chur ar fáil san Astráil do chainteoirí Gaeilge atá sa tír. 

18. Logainmneacha Shasana i nGaeilge

Léarscáil eile fós ar an liosta! An uair seo, ba é Eoin P Ó Murchú a chruthaigh. Is minic a bhítear ag caint ar na hathruithe a rinne na Sasanaigh ar logainmneacha na hÉireann le linn a réimis anseo, ach tá a mhalairt déanta ag Eoin P, agus é déanta go cliste aige, anseo. Idir shúgradh agus dáiríre a bhí Eoin agus é ag ‘aistriú’ logainmneacha Shasana go Gaeilge don léarscáil bharrúil seo.

17. Go raibh míle maith agaibh, a mhuintir na hÉireann – buíochas mór gafa ag muintir Navajo as síntiús as Éirinn 

Ba í NÓS an chéad iris in Éirinn a thug tuairisc ar an scéal álainn seo aniar as Meiriceá i mí na Bealtaine, scéal a tuairiscíodh go forleathan i bhfad is i ngearr. Baineadh siar as an bpobal bundúchasach Navachóch agus Hóipeach i Meiriceá Thuaidh nuair a chonaic siad na mílte euro ag teacht as Éirinn chuig an leathanach tiomsaithe airgid a cruthaíodh le cabhrú le hiarrachtaí na bpobal in aghaidh an víris chorónaigh. Bailíodh os cionn sé mhilliún dollar tháinig na céadta mílte as Éirinn. 

16. ‘An foclóir Béarla-Gaeilge is fearr atá ar fáil’ – léirmheas ar The Concise English-Irish Dictionary

Thosaigh an bhunobair ar The Concise English-Irish Dictionary chomh fada siar le 1999. Cuireadh an leagan digiteach An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge ar fáil ar an suíomh foclóir.ie in 2013, agus ar deireadh thiar thall foilsíodh an leabhar mór trom seo i mí Lúnasa 2020. Bhí roinnt mhaith alt againn faoin bhfoclóir nua i gcaitheamh na bliana ach ba é an léirmheas a scríobh ár n-eagarthóir, Maitiú Ó Coimín, ar an saothar an t-alt ba mhó acu a mheall spéis na léitheoirí.

Níos mó

‘Tá bealaí rothar beagnach chomh maith céanna do shláinte an phobail is atá vacsaíní’

Is nós coitianta é tuarascálacha tábhachta a fhoilsiú timpeall an ama seo gach bliain, cuid acu chun súil siar a chaitheamh ar an mbliain atá thart, cuid eile acu (táim ag féachaint go géar ar an Rialtas anseo) chun díospóireacht a sheachaint agus ár n-aird go hiomlán ar an Nollaig. Mar shampla, d’fhoilsigh an Roinn Talmhaíochta an plean chun astaíochtaí aeráide a bhaineann leis an earnáil feirmeoireachta a laghdú – is mor an chúis díomá é toisc nach bhfuil sé uaillmhianach go leor agus tá an chuma air go mbeidh siad ag iarraidh leanúint ar aghaidh gan na hathruithe riachtanacha atá ag teastáil a chur i bhfeidhm.

Ba mhaith liom aghaidh a thabhairt ar an dá mhór-iris leighis a chuir amach ráitis láidre le déanaí a léiríonn an ceangal idir an t-athrú aeráide agus sláinte an phobail – an damáiste a dhéanfaidh sé gan dabht, ach na buntáistí gur féidir linn a bhaint amach má théimid i ngleic leis an bhfadhb i gceart chomh maith. Is iad sin na hirisí mór le rá, The Lancet agus The BMJ. 

Foilsíonn The Lancet Countdown tuarascáil gach bliain faoin éigeandáil aeráide – i mbliana bhíodar ag iarraidh aird a tharraingt arís ar an bhfadhb agus rialtais an domhain go léir gafa le COVID. Cé go bhfuilimid fós i lár na paindéime, ní bheidh in COVID ach seal, agus is é an éigeandáil aeráide fadhb mhór ár linne. Is léir ón Lancet Countdown gur in olcas atá cúrsaí ag dul agus go mbeidh tionchar ag an éigeandáil aeráide orainn go léir sna blianta amach romhainn, fiú má dhéanaimid éacht chun moltaí na saineolaithe a chur i bhfeidhm. Bhí gairm chun gnímh le déanaí sa BMJ chomh maith ag iarraidh an pobal leighis a spreagadh agus ag rá nach féidir linn réiteach a fháil ar fhadhbanna móra sláinte an domhain gan réiteach a fháil ar éigeandáil aeráide.

Cad faoi na buntáistí agus na tairbhí sláinte? Liosta fada atá i gceist go deimhin. Má fhéachann tú ar na galair is mó in Éirinn – galar croí, ailse, galar scamhóg, diaibéiteas –  tá baint acu go léir lenár modh maireachtála, leis an mbia a ithimid, agus leis na bealaí ina ngluaisimid (nó nach ngluaisimid b’fhéidir). 

Chabhródh na réitigh atá ann ar éigeandáil aeráide leis na galair neamhthógálacha sin. Is é ceann de na bealaí is fearr chun daoine a spreagadh chun rothaíochta nó chun siúil ná áiseanna cearta a fhorbairt sna cathracha agus bailte – agus níl aon dabht freisin ach go bhfuil sé thar a bheith éifeachtach freisin ó thaobh neamhghníomhaíochta de. Cabhraíonn sé le smacht a chur ar thruailliú aeir agus ar thorann na cathrach chomh maith. Deirtear go bhfuil tógáil bealaí rothar beagnach chomh maith céanna le vacsaíní do shláinte an phobail. 

Ach ní hé an t-iompar gníomhach an t-aon réimse amháin ina bhfuil réiteach ar athrú aeráide ag teacht le sláinte. Déanann an truailliú aeir ó charranna, ó thinte agus ó stáisiúin chumhachta an-chuid damáiste do scamhóga leanaí go háirithe. Bhí sé seo le feiscint an tseachtain seo caite nuair a deimhníodh go raibh baint ag bás cailín in London de bharr taom asma leis an aer salach a bhí mórthimpeall uirthi sa chathair sin. 

Is ionann tithe atá te, teolaí agus sláintiúil agus iad atá inslithe go maith agus a spárálann fuinneamh. Loiteann leasú saorga na huiscebhealaí, cuireann sé le hastaíochtaí na tíre agus cuireann sé leis an leibhéal níotráite san uisce – rud a mhéadaíonn an ráta ailse phutóige. 

Agus cad mar gheall ar aistí bia? Is féidir d’astaíochtaí pearsanta aeráide a laghdú beagnach 50% má athraíonn tú ón ngnáthaiste bia go aiste bia veigeánach – aiste bia a bhíonn níos sláintiúla de ghnáth. Feictear dom go bhfuil earnáil feirmeoireachta na hÉireann in áit ana-leochaileach agus í ag brath go mór ar easpórtáil feola agus bainne. Má thugann an t-aos óg cúl le feoil, n’fheadar cad a dhéanfaidh siad. 

Bheadh alt iomlán eile ann dá mbeimis ag labhairt faoin tionchar atá ag athrú aeráide ar mheabharshláinte, go háirithe ar mheabhairshláinte daoine óga. Cumadh an focal Béarla “solastalgia” roinnt blianta ó shin chun an mothúchán sonrach sin a bhaineann leis an domhan a bhfuil aithne agat air ag athrú thar chuimse timpeall ort.

Ní dóigh liom go bhfuil an Rialtas ag tabhairt aitheantais don cheangal seo idir an tsláinte agus an comhshaol. Is féidir na tairbhí sláinte a bhaint amach i bhfad níos tapúla ná na buntáistí aeráide, agus tá na tairbhí sláinte sin thar a bheith éifeachtach chun chur in iúl don phobal go mbeidh tionchar dearfach orthu ag na hathruithe atá de dhíth.

Is léir mar sin gurb ionann sláinte na ndaoine agus sláinte an chomhshaoil, agus is léir chomh maith go bhfuil cuid mhaith den tsláinte sin bunaithe ar na cinntí a dhéantar i dTeach Laighean. Is é sin le rá: má tá polaiteoirí i gcoinne bealaí rothar nó ag tacú le mótarbhealach uirbeach nua in ionad an chórais iompair phoiblí a fheabhsú, tá siad i gcoinne na sláinte poiblí agus réiteach ar an éigeandáil aeráide. Cuireann polaiteoirí a sheasann le comhlachtaí tobac olc orainn de ghnáth, ba cheart dúinn bheith mar an gcéanna le polaiteoirí ar cuma leo faoi shláinte an chomhshaoil agus ár sláinte féin.

Níos mó

<a-href="https://meoneile.ie/"-class="credit-meon-eile"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-5-fhisean-ealaine-is-mo-o-2020

5 fhíseán ealaíne is mó ó 2020

Bliain deacair ab ea í 2020 ó thaobh na healaíne, ceoil agus cultúir de. Seo súil siar ar chúig cinn de na físeáin cheoil agus chultúir is mó a raibh tóir orthu ar Meon Eile i mbliana… Bain sult astú! 

1. Amhránaíocht le Micí & Rosie McNally

s cinnte go bhfuil go leor deacrachtaí ag baint le dianghlasáil COVID-19 ach tá Rosie McNally agus a hathair ag baint taitneamh as an am breise atá acu le chéile.

Labhair Rosie le Meon Eile faoi cé chomh tábhachtach agus atá sé di am a chaitheamh ag seinm ceoil lena hathair. Is rud atá déanta acu ó bhí Rosie ina páiste agus tá siad ag coinneáil an traidisiúin beo le linn na paindéime…

 

 2. Oíche Shóisialta na nGael i Lár Uladh

D’eagraigh na grúpaí áitiúla Gaeilge Glór na Speiríní agus Glór Mhachaire Fíolta oíche shóisialta le déanaí in Óstán The Terrace i Machaire Fíolta, Co. Dhoire, le deis a thabhairt do mhuintir na háite bailiú le chéile agus a gcuid Gaeilge a úsáid. Bealach iontach a bhí san óiche leis an teanga a normalú i gceantar a raibh an-tábhacht leis le linn Athbheochan na Gaeilge.

 

3. Lí Bán agus Loch nEathach

Mar pháirt de thionscadal a bhí faoi stiúir Mháire Zepf agus Dhéagláin Uí Dhoibhlin, tháinig sé Ghaelscoil ó lár Chúige Uladh le chéile chun scéal speisialta a insint.

Bhí Meon Eile i láthair ar an lá bríomhar le scéal Lí Ban a chluinstin…

 

4. Scoil Ruaidhrí Dall ar ais i mbun ceoil

Bhí lúcháir ar mhúinteoirí agus ar dhaltaí de chuid ‘Scoil Ruaidhrí Dall’, scoil chláirsí i nDún Geimhin, Contae Dhoire, go raibh na ranganna arais. Cuireadh stop leis na ranganna ceoil i mí an Mhárta 2020 mar gheall ar phandéim dhomhanda Covid-19. D’fhill na ceoltóirí ar ais ar an Chaisleán i nDún Geimhin den chéad uair le sé mhí anuas, rud a chuir áthas orthu ar fad.

5. Ceird an chamáin le fear as Dún Geimhin

Is siúinéir é Paddy Ó Ceallaigh as Dún Geimhin i gContae Dhoire. Imríonn sé iománaíocht lena chlub sa bhaile, Cumann Iománaíochta Chaoimhín Uí Loingsigh agus dá chontae fosta. D’fhás sé aníos ag imirt an spóirt ársa agus bhí sé ag iarraidh ceird déanta an chamáin a thriail toisc an lámh mhaith a bhí aige ar an tsiúineoireacht. Mar sin, thosaigh sé ag cruthú camán cúpla bliain ó shin mar chaitheamh aimsire.

Níos mó

<a-href="https://meoneile.ie/"-class="credit-meon-eile"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-5-fhisean-ealaine-is-mo-o-2020

5 fhíseán ealaíne is mó ó 2020

Bliain deacair ab ea í 2020 ó thaobh na healaíne, ceoil agus cultúir de. Seo súil siar ar chúig cinn de na físeáin cheoil agus chultúir is mó a raibh tóir orthu ar Meon Eile i mbliana… Bain sult astú! 

1. Amhránaíocht le Micí & Rosie McNally

s cinnte go bhfuil go leor deacrachtaí ag baint le dianghlasáil COVID-19 ach tá Rosie McNally agus a hathair ag baint taitneamh as an am breise atá acu le chéile.

Labhair Rosie le Meon Eile faoi cé chomh tábhachtach agus atá sé di am a chaitheamh ag seinm ceoil lena hathair. Is rud atá déanta acu ó bhí Rosie ina páiste agus tá siad ag coinneáil an traidisiúin beo le linn na paindéime…

 

 2. Oíche Shóisialta na nGael i Lár Uladh

D’eagraigh na grúpaí áitiúla Gaeilge Glór na Speiríní agus Glór Mhachaire Fíolta oíche shóisialta le déanaí in Óstán The Terrace i Machaire Fíolta, Co. Dhoire, le deis a thabhairt do mhuintir na háite bailiú le chéile agus a gcuid Gaeilge a úsáid. Bealach iontach a bhí san óiche leis an teanga a normalú i gceantar a raibh an-tábhacht leis le linn Athbheochan na Gaeilge.

 

3. Lí Bán agus Loch nEathach

Mar pháirt de thionscadal a bhí faoi stiúir Mháire Zepf agus Dhéagláin Uí Dhoibhlin, tháinig sé Ghaelscoil ó lár Chúige Uladh le chéile chun scéal speisialta a insint.

Bhí Meon Eile i láthair ar an lá bríomhar le scéal Lí Ban a chluinstin…

 

4. Scoil Ruaidhrí Dall ar ais i mbun ceoil

Bhí lúcháir ar mhúinteoirí agus ar dhaltaí de chuid ‘Scoil Ruaidhrí Dall’, scoil chláirsí i nDún Geimhin, Contae Dhoire, go raibh na ranganna arais. Cuireadh stop leis na ranganna ceoil i mí an Mhárta 2020 mar gheall ar phandéim dhomhanda Covid-19. D’fhill na ceoltóirí ar ais ar an Chaisleán i nDún Geimhin den chéad uair le sé mhí anuas, rud a chuir áthas orthu ar fad.

5. Ceird an chamáin le fear as Dún Geimhin

Is siúinéir é Paddy Ó Ceallaigh as Dún Geimhin i gContae Dhoire. Imríonn sé iománaíocht lena chlub sa bhaile, Cumann Iománaíochta Chaoimhín Uí Loingsigh agus dá chontae fosta. D’fhás sé aníos ag imirt an spóirt ársa agus bhí sé ag iarraidh ceird déanta an chamáin a thriail toisc an lámh mhaith a bhí aige ar an tsiúineoireacht. Mar sin, thosaigh sé ag cruthú camán cúpla bliain ó shin mar chaitheamh aimsire.

Níos mó

5 chlár Nollag as gach cearn den domhan

Cá háit a mbeimis uile i mbliana gan Netflix nó seirbhísí eile sruthaithe? Agus neart ama sa bhaile ag an gcuid is mó againn in 2020, ní raibh bliain ab oiriúnaí don bhingeáil. Ní rabhamar in ann dul amach agus ár gcuimhní féin a chruthú, ach cuimhneoimid ar fad ar Joe Exotic agus a chairde go deo.

Mar sin, críochnaímis an bhliain ar an gcaoi chéanna: le liosta de na cláir Nollag is fearr atá ar fáil ar Netflix faoi láthair. Mar gheall go bhfuilimid ar fad aontaithe i gcoinne COVID-19 timpeall an domhain, ní mór dúinn sraitheanna agus cláir idirnáisiúnta a roghnú.

Hjem til jul (Home For Christmas) – An Iorua

Seans maith ann go bhfaca tú fógraí don chlár seo ar Netflix cheana. Rogha iontach don Nollaig, go háirithe do dhaoine a baineann an-taitneamh as rom-coms, is clár greannmhar é seo faoi grá san 21ú hAois.

Insítear sa tsraith scéal Johanne agus í ag lorg fir don Nollaig, ionas go stadfaidh a mhuintir de bheith ag spochadh aisti. Tá dhá shéasúr ar fáil faoi láthair, mar sin seo rogha mhaith má tá an deireadh seachtaine saor agat roimh thús shaol oibre 2021.

Zeit der Geheimnisse (Holiday Secrets) – An Ghearmáin

Beagáinín níos dáiríre mar scéal, leanann an sraith bheag seo teaghlach Gearmánach agus na deacrachtaí eatarthu thar thrí ghlúin. Suite i teach saoire cois farraige, foghlaimíonn na carachtair rúin éagsúla le linn an Nollag.

Tá ach trí eachtra i gceist, gearr go leor le críochnú ar Lá Caille agus ceapairí liamháis agus turcaí á n-ithe agat. Moltaim é do dhaoine atá ag lorg ábhair níos aibí óna cláir Nollag

How to Ruin Christmas: The Wedding – an Afraic Theas

Is rogha beagáinín aisteach é seo mar, cé go bhfuil ‘Nollaig’ sa teideal, níl mórán den Nollaig le fheiceáil. Leanann an tsraith seo Tumi, agus í ag taistil ó Cape Cod go Johannesburg do bainis a deirféar, a bheidh ar siúl ar an 25 Nollaig.

Má tá tú tinn tuirseach de mheáin Nollag lán sneachta agus bronntanas, molaim an tsraith gheal ghreannmhar seo mar leigheas. 

Dash & Lily – Stáit Aontaithe Mheiriceá

Tá sé beagnach dohdhéanta aon liosta faoin Nollaig a scríobh gan clár amháin ó Mheiriceá a chur san áireamh. Don liosta seo, níl mé ach ag moladh Dash & Lily, clár nua Netflix faoin gcaidreamh idir beirt óg in New York.

Is rogha mhaith é seo don teaghlach ar fad, atá bunaithe ar shraith leabhar do páistí agus déagóirí. Níl ach ocht eipeasóid i gceist, chomh maith, foirfe do na hoícheanta dorcha idir dhá Nollaig.

アグレッシブ烈子 (Aggretsuko: We Wish You a Metal Christmas) –  An tSeapáin

Ní sraith cheart Nollag atá i gceist anseo, ach eagrán speisialta don Nollaig. Mura raibh aithne agat cheana ar Aggrestsuko, is áit mhaith é seo le tosú. Cruthaithe ag Sanrio, an comhlacht céanna taobh thiar de Hello Kitty, tá Aggretsuko i bhfad níos aibí ná mar a cheapfá.

Le linn an lae, oibríonn Retsuko bheag in oifig leadránach. Ach, san oíche, ligeann sí amach a chuid frustrachais ag canadh ceol miotail throm sa bheár cáirióice. Spraíúil, greannmhar agus i bhfad rófíor, tá Aggretsuko: We Wish You a Metal Christmas foirfe do gach duine atá réidh le screadaíl tar éis uafás 2020.

Níos mó

2020: Súil Siar ar Shaol na Gaeilge

Is cinnte gur bhliain dhúshlánach í 2020, agus is dócha go mbeidh muid go léir lánsásta dearmad glan a dhéanamh ar an mbliain seo. Ach cé go raibh sé deacair (shitshow ceart a bhí ann), ní hé sin le rá nach raibh rudaí maithe ann freisin. Seo daoibh 20 rud dearfach a tharla sa bhliain 2020!

Kitty Ní Houlihán

Ní rún ar bith é go bhfuil mé GAFA le banríonacha draig, agus mar sin, caithfidh mé Kitty a lua – banríon draig a bhfuil Gaeilge aici. Coinnigh súil uirthi san athbhliain, tá an-chuid ar bun aici!

Podchraoltaí Nua na Gaeilge

Cé nár éirigh liom mo cheann féin a thosú (go fóill!), thosaigh an-chuid podchraoltaí agus muid faoi dhianghlasáil le linn COVID19. Mholfainn daoibh triail a bhaint as Nuall na Nóg, Mise Éire, Gaelgals agus Canbhás Uí Chiaraidh!

BAE ar RTÉ Radio One

Agus muid ag caint faoi phodchraoltaí, caithfidh mé tagairt a dhéanamh ar na banríonacha ó Beo Ar Éigean! Tá thart ar 130 eipeasóid ag Siún, Áine agus Sinéad, agus i mbliana d’éirigh leo a bpodchraoladh a chur amach ar RTÉ Radio One! Maith sibh, agus treise libh.

An Ghaeltokt ar Tik Tok

@anghaeltokt

Dia ag cruthú an cailín is fearr #gaeilge #god #irish #anghaeltokt @conorlogue26

♬ original sound – An Ghaeltokt

Is dócha gur shábháil TikTok muid agus an domhan go léir ar coraintín. Bunaíodh An Ghaeltokt i mí na Bealtaine chun TikTokanna a chruthú i nGaeilge, agus d’éirigh leo 500,000 radharc a bhaint amach laistigh de shé mhí! Dochreidte a chairde!

#SlayAtHome2020 le Gaylgeoirí (An féidir liom mé féin a lua? Gan dabht!)

Tá Bród an-tábhachtach dom mar dhuine aerach, agus cé nach raibh sé ar siúl go fisiciúil i mbliana, bhí sé fós tábhachtach dom rud éigin a dhéanamh chun é a cheiliúradh. Thuig mé go raibh na carthanais LADTA ag streachailt agus d’éirigh linn €10,000 a thiomsú dóibh leis an bhfeachtas #SlayAtHome2020.

Comhlachtaí Nua Gaeilge

Bhí an bhliain seo an-deacair do dhaoine agus iad sáinnithe sa bhaile. Mar sin féin, bhí níos mó ama againn tionscadail phaisin a thosú agus bunaíodh an-chuid comhlachtaí nua Gaeilge (Mara Duit agus Fuálainn ina measc) agus tá sé ríthábhachtach tacaíocht a thabhairt dóibh! Mar sin, tá liosta iomlán déanta agam ar Instagram, agus tá sé sin ar fáil thíos!

Gaeltacht X – Gaeltacht Fhíorúil

Cé nach raibh na coláistí samhraidh ar oscailt i mbliana, lean siad ar aghaidh ar líne! Chaith muid cúpla seachtain le Síomha Ní Ruairc, ChrisIsAinmDom, Darragh O’Keeffe, agus Róisín Seoighe agus caithfidh mé a rá, d’éirigh leo atmaisféar den céad scoth a léiriú!

Comórtas Slam Liú Lunasa

Is cinnte go raibh ardchaighdeán filíochta i gceist ag an gcomórtas Slam Filíochta ag Féile Liú Lúnasa i mbliana. Cé nach raibh sé ar súil go fisiciúil, chuaigh sé ar aghaidh ar líne agus bhí a lán daoine páirteach! Ar deireadh, ba í Sinéad Ní Thuamáin a thug léi an chraobh ag an gcomórtas. Bliain den scoth a bhí ann ó thaobh filíochta de, cinnte!

Goitse Alpaca le Hugh Carr

@hughcarr

Ní fhaca muid alpaca in ár gcuid saol iomlán roimh seo #fyp #irish #gaeilge

♬ GOITSE ALPACA – Hugh Carr

Má tá ‘Gaeilge Tik Tok’ ar do FYP, is dócha go bhfuil an físeán de chuid Hugh Carr feicthe agat – Goitse Alpaca! Scaipeadh an físeán i bhfad is i ngar agus ansin, thuig Hugh go raibh deis acu rud éigin maith a dhéanamh. Chruthaigh siad t-léine aoibhinn agus díoladh iad chun airgead a bhailiú ar son carthanachta. D’éirigh leo thart na céadta a thiomsú don charthanas MASI. Maith sibh!

Na Gaeil Aeracha

Cé nach ‘foireann lánGhaelach’ atá i gceist leis ‘Na Gaeil Aeracha‘, bhí roinnt Gaeilgeoirí LADTA bainteach lena bhunú, agus mar a deir siad i gcónaí, tá fáilte roimh gach uile dhuine, beag beann ar an gcaighdeán, ar an bhfoireann seo! Mar sin, má tá suim agat, téigh i dteagmháil leo!

Áine Ní Bhreisleáin – Pearsa Raidió na Bliana 2020

Má tá raidió nó Instagram agat, is cinnte go bhfuil Bladhaire cloiste agat ag an bpointe seo. Clár raidió de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta atá ann, agus déanann Áine sárjab clár suimiúil, comhaimseartha a léiriú. Craoltar an clár 3-5 (Déardaoin agus Aoine).

Yu Ming ar ais

Yu Ming is ainm dó, agus bhuail muid leis beagnach fiche bliain ó shin (2003). Is léir go bhfuil cáil ar leith air, agus déantar trácht air fiú sa lá atá inniu ann agus muid ag plé na hardteistiméireachta. Tháinig sé ar ais i gcomhair Gaeilge24, agus fearadh Fáilte Uí Cheallaigh roimhe!

Faisean Inbhuanaithe

Ní rud nua é faisean inbhuanaithe (go litriúil, sin go díreach é!), ach i mbliana tá níos mó béime curtha orthu a bhuí le Moya (@environmentaleadai), Jill (@thriftyjilly) agus Caoimhe (@caoimhechats). Cuireann na cailíní béim ar éadaí inbhuanaithe trí Ghaeilge, agus díríonn siad ar inbhuanaitheacht agus cuireann siad daoine ar an eolas faoi na fadhbanna a bhaineann leis an mearfhaisean.

Wuraola Majekodunmi agus Féiniúlacht Náisiúnta

Tá an-taithí ag Ola ar an ngníomhaíochas mar Ghaeilgeoir de bhunadh na Nigéire agus cé go raibh sár-obair déanta aici cheana féin, d’éirigh léi i bhfad níos mó dioscúrsa a spreagadh sna meáin a bhaineann leis an bhféiniúlacht náisiúnta sa tír seo, ag obair le NÓS, EPIC, The Irish Times, agus RTÉ gan ach cúpla a lua. Maith thú, Ola, agus treise leat!

Memes na Gaeilge

Ní haon rún é go bhfuil mé GAFA le méimeanna, agus i mbliana, is cinnte go raibh méadú le feiceáil ar mhéimeanna na Gaeilge ar líne. Ó BLOCTG4 agus Gaeilge Vibes, go ChrisIsAinmDom, tá lucht féachana na Gaeilge ar líne ag fás go han-tapa!

Seo Mo Spás

Mura bhfuil an rap Gaelach seo – a scríobh Eoin McEvoy – cloiste agat, is dócha nach bhfuil Gaeilge agat! Scigaithris Ghaeilge ar amhrán de chuid Doja Cat (‘Boss Bitch’) é ‘Seo Mo Spás’ agus eisíodh an físeán ceoil ag tús mhí na Samhna, ag comórtas Reic, mar fhreagra ar an ráiteas amaideach “Irish is a dead language”. Is bop ceart é agus tá sé ar fáil ar Instagram Eoin thíos.

Ceol Nua ag Kneecap

Bímis macánta, stanaimid Kneecap agus nuair a chualamar a n-amhrán nua ‘Mam’ in ómós mháthair Mhóglaí Bap, briseadh ár gcroí. Amhrán álainn le Kneecap agus Dyrt atá ann, agus is cinnte go bhfuilimid go léir ag súil le halbam nua san athbhliain!

TG4 on Twitter

Mar is eol do chách, táimid go léir GAFA le cuntas Twitter TG4. Tá a lán tuairimíochta ann maidir leis an “Intern” taobh thiar den chuntas, ach níl a fhios againn go fóill cé hiad. An t-aon rud ar eolas againn ná gur shábháil siad 2020!

Paul focain Mescal.

An gá dom níos mó a rá? Just féach air…

Níos mó

Albaim na Bliana 2020

Tá na halbaim ab fhearr lenár gcolúnaí ceoil, Ben Ó Faoláin, a eisíodh le linn na hainbhliana 2020 cruinnithe aige anseo in ord aibítre.

Actress – Karma & Desire (Ninja Tune)

Karma & Desire by Actress

Ní bhíonn a fhios agat riamh cad go díreach atá romhat agus tú ar tí an cnaipe seinnte a bhrú den chéad uair ar albam de chuid Darren Cunningham (Actress). Cuireann Cunningham féin síos ar Karma & Desire mar “traigéide rómánsúil atá suite idir neamh agus an domhan thíos.” Tá mothúcháin an ghrá, an chumha, agus an aiféala go láidir sna poirt seo, cinnte, agus dath an cheoil ag brath go mór ar ionchur an phianódóra Iodálaigh Vanessa Bonelli Mosell chomh maith le glórtha amhránaithe ar nós Sampha, Zsela agus Aura T-09 gearrtha agus smeartha go ceanndána ag Cunningham. Ceirnín il-leibhéil ar fiú am a chur i leataobh chun éisteacht leis ina iomlán.

Al Wootton – Witness (Trule)

Witness by Al Wootton

Ar Witness filleann Wootton ar bhunphrionsabail an cheoil dub agus UK Garage chun saothar dordcheoil dhomhain, fíréanta a chruthú don éisteoir baile. 

Cé go ndeir Wootton gur spreag fuinneamh amh albaim druma agus dord na seanré mar Timeless le Goldie agus Modus Operandi de chuid Photek le dul i mbun gnímh é, tá stíl cheoil Witness féin ina chumasc d’eilimintí dub-teicneo leithéidí Basic Channel, dub-reigé Scientist agus an tsíog mhéith sin idir ceol dubchéime agus 2-step garage

Aoife Nessa Francis – Land Of No Junction (Basin Rock)

Land of No Junction by Aoife Nessa Frances

“I’ve been dreaming of better times”, a chanann Aoife Nessa Frances ar an rian ‘Here In The Dark’, agus cé gur siar i mí Eanáir a eisíodh ‘Land Of No Junction – roimh theacht, meastar, Covid-19 chun na tíre seo – níorbh fhada go rabhamar ar fad ag smaoineamh ar na laethanta geala a bhí agus a bheidh. Is deas liom cur i láthair díreach nádúrtha na mná seo as Baile Átha Cliath, agus bhí a liricí, atá míshocair ó thaobh na mothúchán de, go mór in oiriúint d’ainnise na bliana 2020. 

Bob Vylan – We Live Here (Venn)

We Live Here by Bob Vylan

Ta mórán scríofa sna meáin le déanaí faoi thábhacht albaim mar ‘Untitled (Black)’ le Sault agus ‘Run The Jewels 4’ mar fhuaimrianta na gluaiseachta Black Lives Matter. Insint na fírinne, tá R&B Sault rómhilis domsa agus níor thaitin ceol Run The Jewels riamh liom.  Mo rogha féin ná fuaim punc-grime loiscneach ‘We Live Here’ le Bob Vylan – saothar atá chomh míchuibheasach, trodach go raibh ar Vylan é a eisiúint é féin toisc go raibh eagla ar aon lipéad ceoil a bheith luaite leis. 

Ní chuireann Vylan aon srian lena chuid gangaide ina cháineadh ar rialtas na Breataine, brúidiúlacht stáit, ciníochas, bochtaineacht struchtúrach agus reacaireacht uafáis sna meáin. In aimsir seo na Breatimeachta tá ciall ar leith le rannta Vylan ar an taobh seo de Mhuir Éireann. Fé mar a deir sé ar ‘England’s Ending’, “This country’s in dire need of a fucking spanking, mate. A good overhaul, get the fucking dinosaurs out.”

Botany – End Summertime F(or)ever (Western Vinyl)

End the Summertime F(or)ever by Botany

Ar nós shaothar Four Tet agus Romare is colláisí teibí fuaime iad poirt Botany atá tógtha as samplaí agus lúibíní scaoilte comhghlasáilte. Tá End Summertime F(or)ever ar an albam is funcáilte uaidh go dtí seo. Albam coincheapa é faoi thionchar an athraithe aeráide, agus éiríonn leis a phointe a chur in iúl go sciliúil is go grinn thar 16 rian, idir dhioscó-house griandóite, hip-hap teibí lán dord, agus psychedelia guairneánach.

Contento – Lo Bueno Está Aqui (El Palmas)

Lo Bueno Está Aquí by Contento

Beirt Cholómach ar imirce iad Paolo Olarte agus Sebastian Hoyas atá ag cur fúthu i Genève agus Barcelona.  Tugtar “salsa-punk” ar a stíl cheoil, ach nuair deirtear punc is ag tagairt do mheon “déan féin é” na gluaiseachta seachas bá ar leith le saothar na Sex Pistols (tá leagan clúdaigh anseo do ‘Black Dog’ Led Zeppelin, ach sin scéal eile).  Seo ceol sultmhar salsa déanta sa bhaile ar mheaisíní drumadóireachta na sean-ré, dord, pianó agus pé ní eile a bhí ar láimh seachas ag banna mór. Saothar spraíúil, croíúil a mholaim, go háirithe, d’éinne a bhfuil gean aige ar cheol Ray BarettoEddie Palmieri  nó, fiú, Manu Chao.

Eduardo De La Calle – Mindfulness Hipernormalisation (Konsysttenzia)

KNSSTTNZ006 / Mindfulness Hipernormalisation Album by Eduardo de la Calle by Eduardo de la Calle

Turas go cathair ghríobháin an chomhfheasa atá romhat ar Mindfulness Hipernormalisation. Seo ceol leictreonach domhain den chaighdeán is airde, idir theicneo-cheol teibí (‘Hope 7382’, ‘The Vaccine’s Progression’), cheol comhthimpeallach cranrach (‘Dead Tribute’, Chords From My Own Narcissism’) agus cheol aoibhinn séiseach (‘Get Used To Electronic Money’, End Of a techno Era’).

Fontaines DC – A Hero’s Death (Partisan)

A Hero’s Death by Fontaines D.C.

Tá a saol ar fad ag grúpa chun a n-albam début a scríobh ach bíonn orthu é a shárú leis an dara halbam taobh istigh d’achar gearr ama. Má bhí amhras ar Fontaines DC nach raibh albam eile ar chaighdeán Dogrel iontu níor ghá dóibh a bheith buartha. Tá ceol an albaim seo níos moille agus níos saibhre ná Dogrel, agus cé go mbeadh leisce orm a rá go bhfuil A Hero’s Death níos fearr ná a début, admhaím go dtaitníonn sé níos fearr liom. Amhráin ionraice fhileata, agus tá na drumaí go diail ar fad.

Greg Foat – Symphonie Pacifique (Strut)

Symphonie Pacifique by Greg Foat

Is mó cúnamh a thug an t-albam is déanaí seo leis an bpianódóir snagcheoil Greg Foat dom chun dul i ngleic le haiteas na dianghlasála ná aon sraith Netflix. An séú halbam eisithe ag Foat ó thús na bliana 2019, is saothar misniúil, ilchineálach é Symphonie Pacifique. Ní raibh riamh aon easpa samhlaíochta ag baint le cur chuige cumadóireachta Foat, agus sa chás seo tugann tionlacann Moses Boyd (drumaí) agus Phil Achille (dord) saoirse do Foat gluaiseacht ó shnagcheol aoibhinn liriciúil go fuaim thaibhsiúil agus func leachtach gan cos a chur amú.

Groupe RTD – The Dancing Devils Of Djibouti (Ostinato)

The Dancing Devils of Djibouti by Groupe RTD

Is é Groupe RTD banna ceoil náisiúnta na Poblachta Djibouti, tír bheag i gCorn na hAfraice atá teorainn ar theorainn leis an Aetóip agus leis an tSúdáin. I rith an lae bíonn Groupe RTD freagrach as ceol a sholáthar do shearmanais stáit ach istoíche bíonn siad ag casadh amhrán bríomhar den saghas atá le clos anseo ar an chéad thaifeadadh stiúideo dá gcuid. Cumasc cumhra ata romhat d’fhunc-cheol na Somáile, snagcheol Harlem, dub Iamáice agus ceol Bollywood na hIndia leagtha anuas ar rithimí Arabacha. Cas suas é!

Islandman – Kaybola (Music For Dreams)

Kaybola by islandman

An bhrí atá le teideal an tríú albam seo de chuid Tolga Boyuk, il-ionstraimí agus léiritheoir Túrcach, ná “dul amú ar mhaithe le treo úr a aimsiú.”  Cé nach bhfuil teorainn le heachtraíocht ceoil Boyuk ar ‘Kaybola’, agus stíl íostach Steve Reich, giotár prog-rac Pink Floyd, rithimí Arabacha, ceol gutha Bulgárach agus neart eile á mheascadh go misniúil le ceol leictreonach aige, ta brí leis i gcónaí. Bogcheol búgaí Bailéarach don hiopstar ata i bhfolach ionainn uilig. Anois, cén bastard atá tar éis mo phionta kombucha a ghoid?!

Juniore – Une, Deux, Trois (Outré)

UN DEUX TROIS by Juniore

Ceol reitreo yé-yé noir gan náire ó thríréad Francach. Seo cumasc andúile d’eilimintí pop-cheol Francach na seascaidí agus rac-bhrutha na tréimhse céanna, le ceolfhoirniú milis agus fuaimeanna iontach sícideileach. Tá blas Turcach ar an ‘Walili’ uirlise beoga, agus tá ‘Bizarre’, amhrán le feadaíl mhisniúil a chuirfeadh ‘Morning Broadway’ de chuid an chumadóra leabharlainne Keith Manfield i gcuimhne duit, ina phléisiúr. Níl tuairim agam cad atá a rá ag amhránaí Juniore, Anna Jean, ach is cuma! 

Khruangbin – Mordechai (Dead Oceans / Late Night Tales)

Mordechai by Khruangbin

Bíonn an tríréad seo as Houston, Texas ag cleachtadh fuaime thar a bheith funcaí atá faoi chomaoin ag ceol surf-rac na hÁise Thoir, dub, ceol soukous an Chongó agus func Peirseach. Gealán gréine d’albam é Mordechai a tháinig inár dtreo díreach ag an am ceart – i lár an tsamhraidh agus deireadh díreach tagtha leis an chéad tréimhse dianghlasála. Cé go bhfuil ceol Khruangbin á chasadh i mo sheiteanna dioscmharcaíochta agam leis na blianta is é Mordechai an t-aon albam dá gcuid a raibh fonn orm éisteacht leis go minic ó thús deireadh . Forbairt stíle faoi ndeara sin, agus i bhfad níos mó amhráin seachas rianta uirlise le clos an babhta seo. An singil na bliana é ‘Time (You & I)’? B’fhéidir é.

King Krule – Man Alive! (True Panther / Matador)

Man Alive by kingkrule

Rugadh Archy Ivan Marshall (King Krule) leis an iliomad buanna. Ceann acu ná cumas damanta chun dul go croí na ceiste i slí iomlán fileata. Ceann eile ná nós an fhir brat ceoil a thógaint timpeall ar a liricí atá garbhdhéanta ach fós go hiomlán in oiriúint dá véarsaíocht. Tabhair jazz-punc nó surf-grunge air, níos minice ná a mhalairt aimsíonn Man Alive! an sprioc. 

Luke Vibert – Rave Hop (Hypercolour)

Luke Vibert presents Rave Hop by Luke Vibert

Baineann ‘Hop’ an teidil le buillí ramhra agus luas malltriallach na bport seo, ach ó thaobh pailéad sonach an cheoil de, tá fuaimeanna luathcheoil rince na n-ochtóidí agus na luathnóchaidí in uachtar. Tá ‘Rave Hop’ lán de chordaí réabh, dordlínte creathánacha agus samplaí sciobtha ó cheirníní Raw Silk, Prince, Jeru Tha Damaja, Mantronix, Slick Rick agus Mr Fingers. Glic, dána agus funcaí go smior.  

Mary Lattimore – Silver Ladders (Ghostly International)

Silver Ladders by Mary Lattimore

Ola ar mo chroí é ‘Silver Ladders’ leis an gcláirseoir Meiriceánach Mary Lattimore agus mé cloíte tar éis an lae. Taifeadta i stiúideo baile Neil Halstead, iar ghiotáraí an ghrúpa shoegazeSlowdive, i gCorn na Breataine is saothar aoibhinn suaimhneasach é Silver Ladders. Tá meas agam ar cheol aonair Lattimore ach is fearr í a chlos agus tionlacan á dhéanamh ag Halstead léi – a nótaí giotáir agus doird siúd ag rith isteach i gceol na cruite sa tslí nach mbeifeá cinnte cá dtosnaíonn fuaim uirlise amháin agus cá gcríochnaíonn glór an chinn eile. Máistriúil.

Nathan Fake – Blizzards (Cambria Instruments)

Blizzards by Nathan Fake

Dá gcumfadh Boards Of Canada ceol teicneo do lucht ragairne na bhféilte ceoil d’fhuaimneodh sé rud beag ar nós Blizzards, an cúigiú halbam seo de chuid Nathan Fake. Seo ceol aoibhinn sramshúileach a bhaineann leas as airpéitse hiopnóiseach, cordaí réabh milis is searbh agus ilrithimí longadánacha seachas tréanbhuillí 4/4 chun an lucht rince a ghríosú chun gnímh. Bheadh trua agat do Fake gur i lár na paindéime a eisíodh Blizzards agus gan é de rogha aige seó beo a dhéanamh, ach ar an dea-uair is rogha iontach do na cluasáin port mar ‘Ezekiel’ ag tú ag féachaint ar an Atlantach ó dhroim sléibhe le luí na gréine. Agus má bhí port úr ceoil theicneo clos i 2020 a sháraigh ‘Vectra’ lúibíneach níor chuala mise é.

Siti Muharam – Siti of Unguja (On The Corner)

Siti of Unguja (Romance Revolution On Zanzibar) by Siti Muharam

Ag teacht chugat as Sainsibeár, seo albam gleoite de cheol na stíle taarab a thaifead an t-amhránaí Siti Muharam in ómós dá sin-seanmháthair Siti Bin Saad. Ba í Bin Saad céad réalta agus céad bhan-amhránaí na stíle taarab, laoch mór de chuid muintir Shainsibeár a dhein taifeadadh ar os cionn 150 ceirnín le linn na tréimhse 1928-1950. Tá tionchar an cheoil Arabaigh, ceol scannán na hIndia agus ceol ársa Svahaílise le blaiseadh sna hamhráin rómánsúla, rithimiúla seo. 

Tunes Of Negation – Like The Stars Forever And Ever (Cosmo Rhythmatic)

Tunes Of Negation – “Reach The Endless Sea” by Shackleton

Domhan ann féin atá san albam seo, an dara fadsaothar atá taifeadta ag an iar-léiritheoir ceoil dub-chéime Sam Shackleton faoin ainm Tunes Of Negation i dteannta Takumi Motokawa (méarchláir, bosca ceoil) agus Raphael Meinhart (vibreafón). Machnamh ar mhistéirí an eisidh, idir aoibhinn agus chruálach, atá sna sé phort seo a mhaireann idir 8 agus 15 nóiméad an ceann. Fuaim tharchéimniúil  an neach dhaonna ag déanamh iontais d’fhórsaí bithbhuan na cruinne.

uSSSy – Po Krugu (Koolarrow)

Po Krugu by uSSSy

Fuaim noise-rock a bhaineann leas agus inspioráid as scálaí agus teicnící ceoil an Mheánoirthir atá le clos ar Po Krugu, deichiú halbam an ghrúpa Rúisigh uSSSy. Ceol dian, dinimiciúil atá chomh trom in áiteanna le ceol miotal, agus a bhfuil cora agus castaí inspioráideacha go leor ann. Cas an steiréó suas go barr ar fad, a dhuine chóir!

Níos mó

Saintí curtha ar an mbiachlár don Nollaig ag Parlaimint na hAlban

Tá seantaithí ag Daidí na Nollag ar bhia a bheith leagtha ar an mbord roimhe i ngach teach ar domhan Oíche Nollag. Tá a dtraidisiún féin ag gach tír – píog mhionra agus gloine Guinness a d’fhágtaí dó in Éirinn, brioscaí agus bainne a thugann na Meiriceánaigh don fhear mór, agus faigheann sé pan de pascua sa tSile. 

Ach ní mór d’Fhear na hÉide Deirge a bheith ar an airdeall agus é in Albain i mbliana agus moladh tugtha ag Parlaimint na hAlban ‘Bodach na Nollag’ féin a chur ar an mbord amárach. Chuir cuntas oifigiúil na parlaiminte giolc amach ar Twitter tráthnóna agus ‘ceacht Gàidhlig’ ann dá leantóirí.

“While you’re defrosting your turkey, why not learn the Gaelic for tomorrow’s spread? Find out how to say Bodach na Nollaig, glasraich, and cearc-fhrangach ar pronounced on Soundcloud,” a dúradh sa ghiolc cabhrach Nollaigiúil. 

Faraor géar ba é an t-aistriúchán a tugadh ar ‘Bodach na Nollaig’ (mar a thugtar ar Dhaidí na Nollag i nGaeilge na hAlban) ná ‘Christmas Dinner’ – Saintí bocht!

“Caithfidh go bhfuil an Nollaig sách dona ar an míntír má cheaptar siad go bhfuil Bodach na Nollaig ar an bpláta dinnéir,” a dúirt duine amháin ar Twitter.

“Nach bhfuil turcaithe agaibh in Albain ar chor ar bith? Saintí bocht!’ a dúirt duine eile. 

“The Scottish Parliament is officially suggesting we eat Santa (Bodach na Nollaig),’ a scríobh duine eile fós. 

Níos mó

‘Ní ligfidh mé don víreas an Nollaig a scriosadh’

Leis an méid cur is cúiteamh atá le cloisteáil le míonna anuas faoin drochthionchar a bheidh ag Covid-19 ar cheiliúradh na bliana seo, tá sé an-éasca géilleadh don diúltachas ar fad agus dearmad glan a dhéanamh ar an Nollaig. Ach sula scaoilfimid leis an Nollaig mar rud amháin eile, ar liosta fada rudaí, atá scriosta ag an diabhal plá agus sula ndéarfaimid “imeacht gan teacht” ar an mbliain 2020, caithfimid machnamh a dhéanamh ar bhrí cheart na Nollag agus meabhrú dúinn féin nach bhfuil an Nollaig curtha ar ceal agus tá gach seans go mbainfimid níos mó taitnimh ná riamh as Séasúr na Nollag a chaitheamh leis na daoine is ansa linn i ndiaidh na n-íobairtí ar fad atá déanta againn le linn na bliana. 

Ar an gcéad dul síos is é an rud is tábhachtaí ná go bhfuil Daidí na Nollag os cionn an víris agus ní bhaineann srianta taistil leis. Seachadfar bronntanais do pháistí na tíre mar is gnáth maidin Lae Nollag agus beidh draíocht na Nollag beo beathach fud fad na tíre dá bharr. 

Agus ní hamháin na páistí a bhainfidh tairbhe as an séasúr. Malartófar bronntanais Nollag idir óg agus aosta fós agus feictear dom go bhfuil an víreas tar éis tionchar dearfach a imirt ar mhuintir na tíre agus muid uilig ag smaoineamh orthu siúd atá ar an ngannchuid.

Mheall an víreas ár ndícheall asainn agus tá an chuma ar an scéal i mbliana go bhfuil muid ag iarraidh bronntanais Nollag smaointeacha a thabhairt dóibh siúd nach bhfuil chomh ámharach linn nó a ndeachaigh an víreas agus an t-uaigneas i bhfeidhm go mór orthu, idir dhaoine gan dídean agus chónaitheoirí i dtithe altranais. Bronnfar níos mó ar charthanais i mbliana ná riamh agus ní haon drochrud é sin.

Tá an-chuid rudaí a chuireann go mór le Spiorad na Nollag gach uile bhliain nach bhfuil tionchar ar bith ag an víreas orthu; carúil na Nollag ar an raidió,  maisiúcháin na Nollag, an tsiopadóireacht, laethanta saoire ón obair, geansaithe na Nollag,  turcaí agus liamhás, fuisce té nó gloine Baileys, bosca Roses, maróg Nollag, an tAifreann, agus chomh cinnte is atá gob ar phréacán – bás tragóideach éigin ar Fair City no Coronation Street Lá Nollag!

Cinnte beidh an díghalrán láimhe in aice an liamháis, beimid ag fanacht amach óna chéile ag an Aifreann agus beidh muid ag ceannach milseán a bhfuil clúdach ar leith ar gach milseán ionas nach scaipfimid an víreas agus muid ag iarraidh breith ar an ‘perfect praline’ deireanach. 

Ach táimid imithe i gcleachtadh ar na nithe sin faoin am seo, ní féidir linn ligint dóibh an Nollaig a scriosadh. Mar a dúirt Shakespeare “There is nothing either good or bad but thinking makes it so“. 

Ní hé seo an t-am le bheith ag cogaint ar an mí-ádh atá orainn ach le hadmháil dúinn féin go mb’fhéidir go mbeidh an Nollaig níos fearr gan póit choicíse, gan chóisir éigin trí oíche sa tseachtain, agus gan dul ar ais ag an obair níos spíonta ná mar a bhíomar roimh na laethanta saoire. 

Tá idir ghean is ghráin agam ar Oíche Chinn Bliana le blianta beaga anuas. Ó bhí mé an-óg chaitheadh mé féin agus mo bheirt deirfiúracha an oíche sin i dteach ár seantuismitheoirí gach bliain fad is a bhí ár dtuismitheoirí sa teach tabhairne. 

Bhailíodh muid le chéile cois tine ag féachaint ar an gclár speisialta Oíche Chinn Bliana a craoladh ar RTÉ. Thugadh mo sheanmháthair gloine Lilt  agus roinnt Irish Roses, mar a thugadh sí orthu, dúinn agus é ag druidim leis an meán oíche. Ansin nuair a thosaíodh an comhaireamh anuas rugadh muid greim láimhe ar a chéile agus d’fhanadh muid mar sin, seantuismitheoirí agus a ngarchlann, fáiscthe le chéile ag canadh ‘Auld Lang Syne’ agus gan chíos, cás ná cathú orainn. 

D’athraigh an caidreamh a bhí agam leis an oíche nuair a cuireadh deireadh leis an nós sin a bhíodh againn. Nuair a bhí ocht mbliana déag slánaithe agam thosaigh mé ag dul amach le mo chairde in ionad fanacht le mo sheantuismitheoirí. In ionad a bheith te teolaí cois tine i measc mo mhuintire, sheas mé i scuainí fada faoin fuacht, bhrúigh mé isteach i gclub oíche éigin tar éis táille iontrála €20 a íoc, bheinn sáinnithe i lár urlár rince i measc meisceoirí báite le hallas, ag béicíl ‘Fairytale of New York’ le strainséir éigin ar bhuail siad leo cúig nóiméad ó shin. 

Ag smaoineamh siar air, níl cuma ró-olc ar an scaradh sóisialta! Níor mhothaigh mé riamh ar mo chompord agus bheadh m’intinn i gcónaí in áit éigin eile, ag smaoineamh ar mo sheanmháthair agus mé ag lorg cúinne ciúin áit éigin chun glaoch a chur uirthi ar leathuair tar éis a haon déag, sular theip ar na líntí fóin,  chun athbhliain faoi mhaise a bheannacht uirthi. 

Ach d’fhanfadh mothú na ciontachta  liom fad na hoíche agus bheadh na deora i gcónaí ar an tsúil agam ag smaoineamh ar mo sheanmháthair agus an cumha a bheadh uirthi i ndiaidh laethanta soineanta ár n-óige, cé nách ndearna sí gearán ar bith. 

Ar bhreathnú siar dom anois is léir gurb iad na cuimhní is gile atá agam ar an Nollaig ná nósanna simplí teaghlaigh agus is deas an rud é den chéad uair i mo shaol fásta, gan an dara rogha a bheith agam, ná aon bhrú orm dul aon áit, ach fanacht sa bhaile i measc mo mhuintire agus taitneamh a bhaint as sean-nósanna traidisiúnta na Nollag. 

Mar sin táim chun lánghéilleadh a thabhairt do thosca nach bhfuil neart agam orthu i mbliana agus ligeant don Nollaig teacht agus imeacht agus pléisiúir a bhaint as cibé rud dearfach a thugann sí chugam. 

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta