Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Tús curtha ag na Gardaí le fiosrúchán faoi bhás fir i mBaile na hAbhann i gConamara

| , , ,

Tá tús curtha ag na Gardaí le fiosrúchán faoi bhás fir i mBaile na hAbhann i nGaeltacht Chonamara.

Dheimhnigh na Gardaí tráthnóna gur bhásaigh fear i ndiaidh eachtra a tharla i dteach i gConamara agus go raibh fear gafa ina taobh.

Sna seascaidí a bhí an fear a bhásaigh agus fear sna seachtóidí a gabhadh.

Go gairid i ndiaidh 9am ar maidin cuireadh fios ar na Gardaí teacht go dtí an teach i mBaile na hAbhann, mar a raibh leigheas á chur ag lucht sheirbhís otharchairr Chonamara ar an bhfear a líomhnaítear gur deineadh ionsaí air.

Tugadh an fear go dtí Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh, agus fuair sé bás ansin níos déanaí.

Tá “gach gné” den eachtra á bhfiosrú ag an nGarda Síochána i mBóthar na Trá agus tá an láthair á caomhnú don Bhiúró Teicniúil an Gharda Síochána a dhéanfaidh í a scrúdú.

Tá an fear atá gafa á choinneáil i stáisiún na Gardaí sa Ghaillimh faoin Acht Um Cheartas Coiriúil 1984.

Tá an cróinéir áitiúil curtha ar an eolas faoin scéal agus tá fios curtha ar Phaiteolaí an Stáit.

Tá scrúdú iarbháis á shocrú agus thug na Gardaí le fios gurbh iad torthaí an scrúdaithe sin a shocródh cén cúrsa a leanfadh a bhfiosrúchán.

Thug na Gardaí atá i mbun an fiosraithe le fios go raibh “treo cinnte” á leanúint acu maidir lena gcuid fiosruithe.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta