Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Pobalscoil na Rosann – ag cur na Gaeilge chun cinn i measc daltaí agus lucht foirne na scoile

| , , ,

Chuir Pobalscoil na Rosann tús le sruth Gaeilge sa scoil den chéad uair riamh i mbliana. 

Tá Pobalscoil na Rosann, a bunaíodh sa bhliain 1973, suite ar an Chlochán Liath i nGaeltacht Thír Chonaill agus tá os coinn 400 dalta scoile ag freastal uirthi.

Mar chuid den sruth Gaeilge atá bunaithe sa scoil, tá seachtar daltaí sa chéad agus sa dara bliain ag déanamh staidéar ar 5 ábhar i nGaeilge – Matamaitic, Stair, Tíreolaíocht, Fraincis agus Spáinnis. Tá beirt daltaí ag déanamh Fisice i nGaeilge sa chúigiú bliain ar bhonn trialach.

Deir lucht na scoile go mbeidh na chéad daltaí ag déanamh scrúduithe Ardteistiméireachta i nGaeilge an bhliain seo chugainn.

Chomh maith leis seo tá coistí bunaithe sa scoil leis an Ghaeilge a chur chun cinn taobh amuigh den seomra ranga.

Thug Meon Eile cuairt ar an scoil le gairid le níos mo a fháil amach faoina gcuid iarrachtaí…

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta