Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Lá Teaghlaigh na Nollag i mBéal Feirste

| , , ,

Agus an Nollaig ag teannadh linn, eagraíodh Lá Teaghlaigh na Nollag i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich ar na mallaibh.

Tháinig an pobal Gaelach le chéile chun ceiliúradh a dhéanamh ar an bhliain seo atá díreach caite agus chun sult a bhaint as na himeachtaí iontacha a cuireadh ar siúl le linn an lae.

Bhí deis ag páistí – agus tuismitheoirí! – triail a bhaint as peinteáil aghaidhe, ceardlanna ealaíne, ceol, scéalaíocht agus i ndiaidh dóibh litreacha a scríobh chuig Daidí na Nollag, bhuail siad leis an fhear é féin!

Tá an Cheathrú Gaeltachta anois faoi sholas na Nollag agus soilse lasta ag Dáithí Mac Gabhann le tacaíocht ó Dhaidí na Nollag. Bhí Meon Eile i láthair agus bhain muid an-sult ar fad as an lá galánta bríomhar in Iarthar na Cathrach.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta