Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Féile Nasc na nGael – Féile úrnua i nGaeltacht Thír Chonaill

| , , ,

Cuireadh tús le ‘Féile Nasc na nGael’ den chéad uair i mbliana i gCloich Cheann Fhaola i nGaeltacht Thír Chonaill.

Bhí meascán ceolchoirmeacha agus ceardlann ar súil thar an deireadh seachtaine agus ceiliúradh á dhéanamh ar an nasc idir Albain agus Tír Chonaill.

I measc na gceoltóirí agus damhsóirí a bhí i mbun ceardlainne bhí; Joy Dunlop, Máire Ní Choilm, Addie Harper, Sophie Stephenson, Edel Ní Churraoin, Diane Cannon agus Seán Ó Muireagáin.

Bhí Ceolchoirm leis na Mooneys, Ceilidh na hAlba agus turas stairiúil Cholmcille go Toraigh i measc cuid de na hócáidí a bhí ar súil mar chuid den fhéile.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta