Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Dráma na Nollag deireanach do phríomhoide Scoil an Droichid

| , , ,

Cuireann an chuid is mó de scoileanna na tíre dráma na Nollag ar siúl ach i mbliana bhí rud éigin speisialta faoin dráma a chuir Scoil an Droichid i mBéal Feirste ar ardán – ba é an dráma deiridh ag Fionnghuala McCotter agus ina príomhoide ar an scoil.

Le blianta anuas, bhí ról lárnach ag Fionnghuala i bhforbairt na scoile, agus cronóidh pobal na scoile go mór í.

D’oibrigh gach rang le chéile chun ‘Séarlas agus an Mhonarcha Seacláide’ a chur ar stáitse agus bhí an amharclann lán le tuismitheoirí agus cairde na scoile chun an aisteoireacht an-mhaith, an greann agus na hamhráin a fheiceáil.

Is i gColáiste Feirste a cuireadh an seó ar siúl agus ag deireadh an oíche tugadh bualadh bos mór mothúchánach do Fhionnghuala.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta