Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Bliain go leith príosúin curtha ar fhear a rinne ionsaí ar Chathal Mac Coille

| , , ,

Tá bliain go leith príosúin curtha ar fhear a rinne ionsaí ar an gcraoltóir aitheanta agus colúnaí le Tuairisc.ie Cathal Mac Coille.

Chualathas sa chúirt i mBaile Átha Cliath gur  léim, Gary Gibson, athair 28 bliain d’aois,  isteach sa chanáil agus é ar a theitheadh ó na Gardaí a tháinig ar an láthair i ndiaidh an ionsaithe.

Chualathas sa chúirt gur tharla an t-ionsaí nuair a rinne Gibson iarracht rothar a ghoid lasmuigh ar bhóthar Bhaile Phib.

Tháinig úinéir an rothair ar Gibson agus thosaigh sé ag iarraidh cúnaimh. Bhí Cathal Mac Coille ag dul thar bráid agus tháinig sé i gcabhair ar úinéir an rothair. Thug Gibson buille sa cheann don iriseoir le gearrthóir boltaí.

Phléadáil Gibson, arb as Sráid Dorset Uachtair é, ciontach i gCúirt Chuarda Choiriúil Bhaile Átha Cliath as ionsaí a dhéanamh ar Chathal Mac Coille agus as iarracht ar ghadaíocht a dhéanamh ar an 3 Iúil, 2018.

Phléadáil sé ciontach chomh maith as scian ghéar Stanley a bheith ina sheilbh aige i Stáisiún Gardaí Mhuinseo an lá céanna.

Chuir an Breitheamh Melanie Greally dhá bhliain go leith priosúin ar Gibson ach chuir sí bliain amháin de sin ar fionraí.

Tuairiscíodh go raibh cnap agus leonadh ar cheann Chathail Mhic Coille i ndiaidh an ionsaithe agus go mb’éigean dó sos a thógáil óna chuid oibre ar feadh trí seachtaine, clár faoi chuairt an Phápa ar Éirinn do TG4 san áireamh.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta