Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Triúr á gceistiú ag na Gardaí faoi ionsaí Kevin Lunney

| , ,

Tá beirt fhear agus bean amháin gafa ag na Gardaí mar chuid den fhiosrúchán faoi fhuadach agus chéasadh Kevin Lunney, duine de stiúrthóirí Quinn Industrial Holdings. 

Tá duine de na fir sna fichidí agus an duine eile os cionn dhá scór. Tá an bhean sna caogaidí. 

Tá siad á gceistiú ag stáisiúin i gCabhán, i Muineacháin agus i gCeannanas Mór, contae na Mí, faoi alt 30 den Acht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit, 1939.

Chuardaigh na Gardaí roinnt láithreacha sa Chabhán, sa Longfort agus i mBaile Átha Cliath mar chuid den fhiosrúchán céanna. 

Tá comhfhoireann bunaithe ag na Gardaí agus ag an PSNI le dul i ngleic leis na hionsaithe, bagairtí báis agus imeaglú atá ar bun le tamall anuas in aghaidh stiúrthóirí Quinn Industrial Holdings. 

Cuireadh drochbhail ar Kevin Lunney, 50, atá ar dhuine de stiúrthóirí Quinn Industrial Holdings nuair a fuadaíodh agus nuair a ionsaíodh go brúidiúil é agus é ag filleadh óna chuid oibre i Doire Loinn, contae Fhear Manach ar an 17 Meán Fómhair. 

Briseadh a chos, gearradh le scian é agus doirteadh ábhar tuartha air sular scaoileadh saor ar thaobh an bhóthair é faoin tuath i gcontae an Chabháin.  

Bhásaigh Cyril McGuinness, an té mó a raibh amhras faoi maidir le fuadach Kevin Lunney  le linn do phóilíní Derbyshire a bheith ag cuardach a thí i Sasana. 

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta