Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Féile an Choire 2019

| , ,

Bhí Féile an Choire ar siúl i ndeisceart Chontae Dhoire ar na mallaibh, áit ar cuireadh scoth na n-imeachtaí ar bun do gach duine idir óg agus aosta. Is féile scéalaíochta, bhéaloidis agus mhiotaseolaíochta í Féile an Choire a chuireann béim ar thábhacht an tseanchais agus ar an oidhreacht a bhaineann leis.

Mar chuid den fhéile, bhí seisiún scéalaíochta cois tine le hEmma Ní Luachra, léiriú den scannán Secret Of Kells, seisiún scéalaíochta idirghníomhach le Myra Zepf agus seó de chuid Chleamairí Feirste. Thuirling na sluaite ar na himeachtaí go léir chun ceiliúradh a dhéanamh ar thraidisiún na scéalaíochta sa cheantar Gaelach.

Bhí ceiliúradh 100 lá breithe na bialainne san ionad ar siúl thar an deireadh seachtaine chomh maith agus tráthnóna bia, béaloidis agus ceoil curtha ar siúl do mhuintir na háite – ba léir gur bhain siad an-sult ar fad as an fhéile iontach seo.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta