Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Cumann Gaeltachta i mbun fiosraithe agus ainmneacha Gaeilge aistrithe go Béarla i dtuairisc nuachtáin

Tá cumann Gaeltachta i mbun fiosraithe le nuachtán tar éis d’ainmneacha Gaeilge a bheith aistrithe go Béarla i dtuairisc ar chluiche.

Bhuaigh Cumann Mícheál Breathnach as Conamara Craobh Shóisir Iomána Chonnacht an deireadh seachtaine seo caite tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar fhoireann Shligigh, Naomh Eoin.

Cé gur i nGaeilge amháin a bhí ainmneacha na n-imreoirí Gaeltachta ar an gclár oifigiúil, aistríodh iad uile go Béarla sa tuairisc a foilsíodh sa nuachtán áitiúil, The Sligo Champion, i rith na seachtaine.

Aistriúchán iomlán a bhí i gceist agus ainm imreora amháin, Ruaidhrí Óg Ó Béarra aistrithe go dtí R Berry Jnr. Tugadh S Finnerty ar Seán Ó Feinneadha chomh maith.

Masla agus drochmheas amach is amach ón @SligoChampion ag athrú gach ainm @CLGMB ó Gaeilge go Béarla i rith cluiche ceannais @ConnachtGAA

Incredibly dissapointing to see this. @officialgaa Tà Muid bródúil as ár n-ainmneacha! #gaeilge #nílsécgl pic.twitter.com/BjdAxrO6a6

— Cárthach Bán Breathnach (@cartyban) November 15, 2019

Dúirt Cathaoirleach an chumainn, Muiris Mac Gearailt, go bhfuil sé “deacair le creidiúint” go dtarlódh a leithéid sa lá atá inniu ann.

“Sheol Cumann Mícheál Breathnach liosta foirne isteach ag Comhairle Chonnacht Chumann Lúthchleas Gael roimh an gcluiche ceannais,” a dúirt an Gearaltach i ráiteas a thug sé do Raidió na Gaeltachta. “Is i nGaeilge amháin a seoladh na hainmneacha sin agus i nGaeilge amháin a bhí siad i gcló ar an gclár oifigiúil agus is i nGaeilge amháin atá ár n-ainmneacha.”

“Tuigeann muid an riachtanas agus an ról tábhachtach atá ag na meáin ach tá sé deacair le creidiúint sa lá atá inniu ann go mbeadh an t-aineolas agus an mhíthuiscint sin ar iriseoirí agus go n-aistreodh siad agus go bhfoilseodh siad ainmneacha imreoirí ó chumann Gaeltachta go Béarla.”

Dúirt Mac Gearailt go bhfuil an cumann anois i mbun fiosraithe agus go mbeidh siad i dteagmháil le The Sligo Champion agus iad ag iarraidh soiléiriú a fháil ar an scéal seo.

Seo an fhoireann mar a bhí tugtha….obair agus anró a bhí orthu agus iad á n-aistriú! pic.twitter.com/HA1FMw7viY

— Cian Ó Griallais (@griallais_13) November 16, 2019

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta