Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

CúlTRAD i nDaoniarsmalann Uladh

| , , ,

Eagraíodh deireadh seachtaine den scoth ag lucht An Droichead i nDaoriarsmalann Uladh i gCúl Trá ar na mallaibh. Ba í an sprioc a bhí acu ná léargas iomlán a thabhairt dá gcuid daltaí ar na seantraidisiúin a bhaineann leis an Ghaeilge.

D’fhreastail foghlaimeoirí égasúla ag gach leibhéal ar ranganna inar cuireadh béim ar leith ar thábhacht na logainmneacha áitiúla.

Bhí deis ag na daltaí éalú ón seomra ranga fosta agus am a chaitheamh i dteach airneáil i gceann de na teachíní traidisiúnta, áit a raibh seanchaithe agus ceoltóirí i mbun siamsaíochta. Insíodh scéaltaí dátheangacha agus sheinn ‘Beirt Phíobairí, Beirt Scéalaithe’ don scaifte a bhí i láthair.

Ba dhearcadh iontach é seo ar an dóigh a chaith muintir na hÉireann a gcuid oícheanta fadó. Chomh maith leis sin, bhí teach faire inar fhoghlaim na daltaí faoi na mná caointe agus na seanphiseogaí a bhí ag muintir na tíre maidir le traidisiún an bháis.

Bhí ollcheolchoirm ar siúl leis na ceoltóirí aitheanta Pádraig Rynne, Tara Breen, Conor Crimmins agus Elaine Hogan chun críoch a chur leis an deireadh seachtaine iontach i nDaoniarsmalann Uladh.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta