Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Athbhreithniú á lorg ar scrúdú Gaeilge sa tSraith Shóisearach

| , , ,

Tá múinteoirí Gaeilge ag iarraidh ar Choimisiún na Scrúduithe Stáit  athbhreithniú a dhéanamh láithreach ar na páipéir shamplacha don tSraith  Shóisearach nua don Ghaeilge.

Tá imní léirithe ag múinteoirí Gaeilge fud fad na tíre go bhfuil na páipéir shamplacha don tSraith Shóisearach ródheacair agus rófhada do dhaltaí agus go bhfuil barraíocht béime ar chúrsaí litríochta in áit na Gaeilge labhartha.

Páipéar ‘Gaeilge T2’ don tsraith shóisearach – Gaeilge ardleibhéil do dhaltaí nach bhfuil ag freastal ar scoileanna Gaeilge ná Gaeltachta – an páipéar is mó atá ag cothú conspóide. Táthar imníoch faoin pháipéar ‘Gaeilge T1’, is é sin an scrúdú a dhéanann daltaí i scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta.

Tá grúpa múinteoirí Gaeilge i ndiaidh páipéar samplach a dhréachtaigh siad féin a chur faoi bhráid Choimisiún na Scrúduithe Stáit, a chuirfeadh go mór le teagasc, foghlaim agus sealbhú na Gaeilge, dar leo.

Labhair Meon Eile le beirt múinteoirí, Tony Mac Ruairí agus Brídín Ní Ghallchóir, maidir le conspóid na bpáipéar samplach Gaeilge don tSraith Shóisearach. Seo a bhí le rá acu…

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta