Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Tús curtha le dí-adhlacadh Franco sa Spáinn

| , ,

Tá tús curtha sa Spáinn le dí-adhlacadh Francisco Franco, an deachtóir a bhí i gceannas na tíre ó 1939 go dtí gur bhásaigh sé i 1975.

Tá taisí Franco á n-aistriú ó thuama mór galánta go dtí gnáthuaigh sa reilig gar do Mhaidrid ina bhfuil a bhean curtha.

Gheall sóisialaigh na Spáinne fadó riamh go n-aistreofaí taisí Franco as an tuama toisc, a dúirt siad, nár chóir dia beag a dhéanamh de dheachtóir.

Bhí 22 duine muinteartha le Franco i láthair i mbaisleac Valle de los Caídos, nó Gleann na nDaoine a Thit, nuair a cuireadh tús leis an obair dhí-adhlactha maidin inniu.

Theip ar iarracht a rinne muintir Franco stop a chur le haistriú a thaisí as Valle de los Caídos, mar a bhfuil 30,000 duine a bhásaigh i gcogadh cathartha na Spáinne curtha.

Bhí aire dlí agus cirt na Spáinne, Dolores Delgado, i láthair chomh maith nuair a cuireadh tús le haistriú an deachtóra.

Tá cosc ar aon scannánú a dhéanamh ar an obair agus puball tógtha os cionn na huaighe. Nuair a bheidh an leac, a bhfuil tonna go leith meáchain inti, tógtha den uaigh tá sé i gceist an chónra a thógáil amach aisti agus í a iompar ar héileacaptar go dtí reilig El Pardo i Maidrid.

Tá scoilt sa phobal le fada faoi cé acu ar cheart taisí an deachtóra a bhogadh nó é a fhágáil mar atá.

Léirigh pobalbhreith amháin a rinneadh le déanaí go raibh 43% ar son dhí-adhlacadh an deachtóra agus gor raibh 32.5% i gcoinne an phlean.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta