Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

‘Sólás na nÓg’ ag Gael-Ionad Mhic Goill

| , , ,

Is é Gael-Ionad Mhic Goill ar bharr Bhóthar na Carraige Báine an chéad ionad teaghlaigh i mBéal Feirste le seirbhísí do pháistí a bhfuil riachtanais speisialta orthu a chur ar fáil i nGaeilge.

‘Sólás na nÓg’ a thugtar ar na áiseanna nua atá acu, ina bhfuil seomra céadfaí, seomra ealaíne agus cluichí ríomhaire ar leith do na páistí.

Is féidir leis na daoine óga teacht le bheith ag súgradh, a scith a ligint agus bualadh le páistí eile in áit shaincheaptha shábháilte.

Labhair Meon Eile ar na mallaibh le hOrliath Mhic Leannáin, duine d’eagraithe ‘Sólás na nÓg’ agus beirt oibrithe óige, Roibéard Mac Siacais agus Aisling Uí Mhurchú. Labhair muid fosta le Maria Perkins, tuismitheoir ón cheantar, atá an-bhuíoch as na seirbhísí atá ar fáil dá mac a bhfuil uathachas air.

Tá tuilleadh eolais faoi Ghael-Ionad Mhic Goill agus faoi na seirbhísí s’acu ar fáil anseo.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta