Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

‘Seanchas Sheáin Néill’ le Brídanna Ní Bhaoill seolta

| , , ,

Seoladh an dlúthdhiosca ‘Seanchas Sheáin Néill’ le Brídanna Ní Bhaoill in Óstán Caisleáin Óir in Anagaire ar na mallaibh.

Tháinig teaglach agus cairde Bhrídanna le chéile le ómós a thabhairt do chlann Sheáin Néill.

Oíche mhór ceoil agus siamsíochta a bhí ann ó thús deireadh.

Bhí an t-aisteoir Niall Mac Eamharcaigh mar fhear an tí ar an ócáid agus sheol Dinny Dhónaill Ó Dómhnaill an dlúthdhiosca go hoifigiúil.

I measc na gceoltóirí a bhí ar an ardán, bhí Daire Ó Baoill, Clíona Ní Ghallachóir, Brian Danny Minnie, Diane Ní Chanáin, Naoise Ó Baoill agus Mairéad Ní Mhaonaigh.

Rugadh agus tógadh Brídanna Ní Bhaoill i dteach Sheáin Néill i Rann na Feirste i nGaeltacht Thír Chonaill.

Bhí cónaí uirthi lena máthair Biddy, a máthair mhór Annie agus a garuncail, Micí Sheáin Néill.

D’fhás Brídanna aníos ag éisteacht leis an saibhreas a bhí ag Biddy, Annie agus ag Micí é féin. Scéalaí mór le rá a bhí i Micí a raibh seanchas Sheáin Néill go smior ann.

Tá seacht scéal agus cúig dhán le fáil ar an dlúthdhiosca.

Scéalta fiannaíochta agus grá is mó atá iontu a bhfuil saibhreas iontach teanga ag baint leo. Faightear focla agus nathanna cainte iontu nach gcluintear i gcaint na ndaoine a thuilleadh.

Is í an aidhm atá ag Brídanna leis an dlúthdhiosca seo ná an traidisiún a tugadh di a chur ar aghaidh chuig an chéad ghlúin eile agus ómós a thabhairt do mhuintir Sheáin Néill.

Seolfar an dlúthdhiosca arís le linn Oireachtas na Samhna, ag na seastáin ag a 5in Dé hAoine 1 Samhain agus arís eile an 16ú Samhain i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta