Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Músaem nua €6.64 milliún don Phóirse Caoch i nGaillimh

| , ,

I músaem Chathair na Gaillimhe inniu d’fhógair Seán Kyne, Aire Stáit na Gaeltachta go hoifigiúil go raibh músaem nua á fhorbairt sa chathair.

Músaem an Atlantaigh a thabharfar ar an músaem idirghníomhach nua i dTeach Comerford le hais an mhúsaeim atá ar bhruach na Coiribe  i nGaillimh faoi láthair.

Tá €6.64 milliún á infheistiú ag Fáilte Éireann sa mhúsaem nua ag an bPóirse Caoch ar an gCladach agus cosnóidh an obair ar fad breis is €10 milliún.

“Cuirfidh Músaem an Atlantaigh i nGaillimh go mór leis an háiseanna i nGaillimh agus ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin,” a dúirt a tAire Stáit Seán Kyne agus an músaem nua á sheoladh aige.

“Tá tionscnaimh dá leithéid ar fud na tíre riachtanach chun forbairt réigiúnach a chur chun cinn agus chun cáil na hÉireann mar ionad turasóireachta a threisiú.”

Beidh stair na dteaghlach gnó mór le rá a thug an t-ainm Cathair na dTreabh don chathair á léiriú sa mhúsaem trí mheán na nua-theicneolaíocht is déanaí chomh maith le stair cheantar an Chladaigh agus scéal Armáid na Spáinne.

Tá sé i gceist láthair amhairc a bheith ag an bPóirse Caoch mar a mbeidh radharc breá ag turasóirí ar chuan na Gaillimhe agus ar abhainn na Coiribe.

Thug breis is  3.7 milliún cuairteoir ó thíortha i gcéin cuairt ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin go dtí seo i mbliana chomh maith le breis is  4.7m cuairteoir as an tír seo.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta