Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Músaem Litríochta na hÉireann oscailte don phobal

| , , ,

Osclaíodh Músaem Litríochta na hÉireann (MoLI) i dTeach Newman in aice le Faiche Stiabhna i mBaile Átha Cliath ar na mallaibh.

Is comhpháirtíocht é an músaem idir Coláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath agus Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. Tá saothar James Joyce, scríbhneoir Éireannach a bhí ina mhac léinn ag COBÁC, ina ábhar mór spreagtha ag an mhúsaem nua.

Tugann MoLI blaiseadh de shaothair cuid de scríbhneoirí móra na hÉireann le 1500 bliain anuas. Tá réimse taispeántas ar oscailt anois chomh maith le gairdíní, caifé agus siopa leabhair.

Thug Meon Eile cuairt ar Mhúsaem Litríochta na hÉireann le gairid agus bhuail muid leis an Ollamh Margaret Kelleher ann.

Is féidir tuilleadh eolais faoin mhúsaem a fháil anseo.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta