Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Logainmneacha Shasana i nGaeilge

| , ,

Agus cúrsaí polaitíochta ag imeacht chun donais sa Ríocht Aontaithe i rith an ama, tá gach cosúlacht ar an scéal go mbeidh ar Borris Johnson tarrtháil pholaitíochta a iarraidh gan mhoill.

Tá roinnt ag tuairimiú go n-iarrfaidh Sasana ar Dháil na hÉireann glacadh leis mar chúige úr in Éirinn Aontaithe.

Faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, áfach, bíonn ar aon ‘contae’ leagan Gaeilge den logainm a chur ar fáil. Creidtear go bhfuil oifigigh i mBrainse Logainmneacha Shasana ar a míle dícheall ag iarraidh teacht ar na logainmneacha nua.

Idir an dá linn tá dréachtléarscáil déanta ag Nósadóirí a léiríonn Logainmneacha Shasana agus iad Gaelaithe.

Tá meascán ann idir cheartleaganacha ar nós Manchain, Learphoill is Briostó. Tá leaganacha áirithe eile a mholtar anois is arís ar nós Doirelondain (féach mar a bhraitheann sé anois a Bhorris!).

Cinn eile is diabhlaíocht is bun leo, ciall ghreannmhar bainte as an logainm Béarla. Cinn áirithe eile is éard atá iontu iarracht Gaelú mar a rinneadh nuair a galldaíodh logainmneacha na hÉireann – iarracht teacht ar mhúnla dúchais a d’oirfeadh don ainm – mar atá Dairbe ar Derby. Rinneadh iarracht teacht ar bhunús stairiúil roinnt logainmneacha eile chun leaganacha Gaeilge atá ag tarraingt ar bhunchiall an Bhéarla a chruthú. Tógadh cúpla sampla ó Ghaeilge na hAlban, mar atá ‘Cathair Luail’.

Mar sin tá an léarscáil úr seo á seoladh go Buiríos Mac Eoin, Taoiseach na Ríochta Aontaithe. Ní foláir cuimhneamh gurb í an Ghaeilge príomhtheanga oifigiúil na tíre agus mar sin go mbeadh ar Shasana glacadh leis an stádas sin má tá an tarrtháil pholaitíochta uathu.

Teastaíonn ó NÓS go mbeidh Buiríos iomlán ar a chumas na ceartleaganacha Gaeilge seo a úsáid i nDáil Shasana agus é ag lorg airgead do bhóithre ina Dháilcheantar áitiúil – ó bhinsí an fhreasúra.


Rabhadh

Mura léir duit cheana é is píosa diabhlaíochta atá sa léarscáil agus in go leor de na moltaí seo, ainneoin leaganacha dlisteanacha go leor agus bunús le go leor eile. Is ar mhaithe le spraoi a cruthaíodh é.

Ná faigh tatú den iomlán ar d’aghaidh le do thoil. B’fhearr freisin gan tagairt don léarscáil in aon obair oifigiúil. Seachas roinnt foirmeacha seanbhunaithe Gaeilge is iad na leaganacha Béarla de logainmneacha na gcathracha a úsáidtear agus daoine ag labhairt agus ag scríobh i nGaeilge de ghnáth.

Seo léarscáil atá cruthaithe ag Google Maps a léiríonn an bealach a bpléann Gaeilgeoirí le logainmneacha Shasana sa ghnáthúsáid.

Agus seo thíos roinnt de na moltaí eile a tháinig isteach. Má tá ceann ar bith a rith leat cuir chugainn é!

Béarla Rogha 1 Rogha Eile
London Londain Doirelondain / Longdún
Dover Dobhar
Brighton An Ghealchathair An Baile Geal
Southampton An Sráidbhaile Theas Baile Liamháis Theas
Plymouth Aberplymm Béal Átha Pluma
Penzance Pennsans Peannsans
Exeter Éisctír Dún na hÉisc / An tSlí Amach
Bristol Briostó Cathair na Scornaí
Oxford Áth na nDamh
Birmingham Baile na Scuab Gleann an Ghuail
Cambridge An Droichead Cam
Norwich An Chluain Thuaidh
Leicster Laichean Cathair Luí
Nottingham Baile na nUaimheanna Cathair na Smaoise
Derby Dairbe
Manchester Manchain Gruaig Chliabhrach na bhFear
Liverpool Learpholl
Leeds Líods Ruithreach / Snáithíní / Na Cáblaí
York Eabhrac
Whitby An Baile Bán Báinibe
Newcastle-upon-Tyne An Caisleán Nua Cois Taidhn
Carlisle Cathair Luail Inis Cearbhaill
Kendal An Ceann Dall Ceann an Ghleanna
Isle of Wight Inis Iocht
English Channel Muir nIocht
Bath Cathair an Fholcadáin An Bád
Northumberland Tír a’ Chumair Thuaidh
Bradford An tÁth Mór
Sheffield Gort na hAbhann Scartha Garraí an Chócaire
Canterbury Buiríos na gCeant Daingean Uí Cheannt / Dún na gCeint
Chester Baile an Bhrollaigh Baile na Cléibhe

Míle buíochas leis an slua dílis Gaelaithe a rinne go leor de na moltaí thuas. Maith iad Aonghus, Caoimhín, Rónán, Pól, Katie, Caoilte agus Áine! Brexit sona daoibh go léir.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta