Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Léirsiú ag Sólann Bhaile Andarsain agus an pobal ag éileamh comharthaí dátheangacha

| , , ,

Ag cruinniú de chuid Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste Dé Luain seo caite, diúltaíodh do rún ó Shinn Féin go gcuirfí comharthaí dátheangacha in airde i sólanna nua Bhaile Andarsain agus Brook mar chuid d’obair athchóirithe na bhfoirgneamh úr.

Chaith móramh sa chomhairle vóta i bhfabhar leasú ó Pháirtí na Comhghuaillíochta go bhforbrófaí straitéis comharthaíochta Gaeilge do sholánna fud fad na cathrach ar dtús.

Mar sin, d’eagraigh an Dream Dearg léirsiú taobh amuigh de Shólann Bhaile Andarsain Dé hAoine seo caite chun tacaíocht an phobail do chomharthaíocht dhátheangach sa tsólann nua ansin agus in Brook a léiriú.

Dúirt urlabhraithe ón Dream Dearg go raibh gá le comharthaí dátheangacha na sólann sin a chur in airde, chomh maith le próiseas a éascú ag an am céanna lena chinntiú go gcuirfí comharthaí dátheangacha in airde fud fad Bhéal Feirste.

Beidh cruinniú éigeandála ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste ar siúl Dé hAoine an 11 Deireadh Fómhair chun an rún faoin chomharthaíocht dhátheangach a phlé.

Bhailigh grúpa glórmhar agus bríomhar de dhaltaí Bhunscoil Phobal Feirste agus daoine eile taobh amuigh de shólann Bhaile Andarsain Dé hAoine agus bhí Meon Eile i láthair ag an léirsiú.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta