Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Leabhar nua seolta ag Anraí Mac an Ultaigh

| , , ,

Seoladh leabhar nua le hAnraí Mac an Ultaigh, ‘Seal S’agamsa’, ar na mallaibh sa Chultúrlann i mBéal Feirste.

Is é seo an cúigiú leabhar scríofa ag Anraí agus tá an ceann seo bunaithe ar eachtraí éagsúla a tharla i saol s’aige féin agus é ag fás aníos sa chathair. Glacann an t-údar ar aistear trína shaol muid, é lán scéalta greannmhara measctha le scéalta tromchroíocha, curtha le chéile go snasta ag an scríbhneoir inniúil seo.

Bhí an Chultúrlann plódaithe le daoine agus ba é Seán Mac Seáin, seanchara le hAnraí, a sheol an leabhar. D’fhás an bheirt acu aníos le chéile agus chuir Seán seó den scoth ar siúl. Bhain an lucht féachana ar fad sult as.

Tá ‘Seal S’agamsa’ ar fáil ón siopa leabhar, An Ceathrú Póilí.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta