Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Imní mhór ar phríomhoidí go dtiocfaidh ardú mór ar líon na n-iarratas ar dhíoluine ón nGaeilge

| , ,

Tá imní mhór ar phríomhoidí scoile go dtiocfaidh ardú mór ar líon na n-iarratas ar dhíoluine ón nGaeilge faoin chóras nua díolúintí a bunaíodh i mí Mheán Fómhair.

D’iarr an INTO soiléiriú ar an Roinn Oideachais faoi ghnéithe éagsúla de chóras nua dhíolúine na Gaeilge.

Tá Cumann Múinteoirí Éireann buartha go dtiocfaidh méadú ar líon na n-iarratas a fhaigheann príomhoidí ar dhíolúine go háirithe mar gheall ar athrú suntasach amháin a rinneadh ar an chóras.

Faoin chóras nua tá cead díolúine ag dalta sa chás go mbíonn scór caighdeánach ag an 10ú peircintíl nó faoina bhun aige ar thriail scoite i léamh focal nó i léamhthuiscint nó litriú.

Faoin chóras nua is faoin bpríomhoide scoile atá sé díolúine ón nGaeilge a cheadú agus níl gá ann a thuilleadh le tuairisc shíceolaíoch mar thacú le hiarratas ar dhíolúine. 

Tá imní ar phríomhoidí freisin faoin fhreagracht atá orthu féin chun eolas a chur ar fáil do thuismitheoirí faoi na himpleachtaí a bhainfeadh le díolúine ón nGaeilge.

Thug urlabhraí ón INTO le fios do Tuairisc.ie gur chreid siad gur cheart don Roinn Oideachais eolas maidir leis na himpleachtaí a bhainfeadh le díolúine a chur ar fáil do na scoileanna, eolas a d’iarr an ceardchumann ach nach raibh curtha ar fáil go dtí seo.

Bhí an-imní ar an INTO go bhféadfadh impleachtaí dlí a bheith ann do scoileanna sa chás go gceadófaí díolúine do dhalta agus go gceapfaí ina dhiaidh sin nár chun a leas an díolúine sin a thabhairt dó nó go raibh sé ina bhac air maidir le cúrsaí oideachais nó gairme. Ach tá maolú áirithe ar an imní sin ó tháinig soiléiriú ón Roinn go gcaithfidh tuismitheoirí Teastas Díolúine a shíniú.

Dúirt urlabhraí de chuid an INTO go rabhthas ag coimeád súil ghéar ar an chóras nua agus ar na húdair imní a bhí ag scoileanna agus príomhoidí.

Bhí ‘formhór mór’ na n-aighneachtaí scríofa a fuair an Roinn Oideachais faoi chóras nua na ndíolúintí i gcoinne ceann de na hathruithe ba chonspóidí a cuireadh ar an chóras – go bhfágfaí faoin phríomhoide feasta díolúine ón nGaeilge a cheadú.

Bhí saineolaithe oideachais éagsúla go mór in amhras faoin chóras nua chomh maith.

Thug an Roinn Oideachais le fios gurbh amlaidh gur rud “annamh agus eisceachtúil” a bheadh i ndíolúine ón nGaeilge faoin chóras nua.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta