Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Gradam saoil le bronnadh ar an amhránaí Gaeltachta Moya Brennan ag na RTÉ Folk Awards anocht

| , , ,

Bronnfar Gradam Saoil ar an amhránaí Gaeltachta Moya Brennan ag ócáid bhronnta gradam a bheidh ar siúl i Vicar St, ar Shráid an Bhiocáire i mBaile Átha Cliath anocht.

Is as Gaoth Dobhair do Moya Brennan, amhránaí agus cruitire a bhain cáil amach le  Clannad, grúpa a bhunaigh sí féin agus a muintir i 1970. Iníon í le Leo agus Baba Ní Bhraonáin a chothaigh an ceol i dTír Chonaill ar feadh a saoil.

D’eisigh Clannad 17 albam idir 1973 agus 2012, saothair a thuill gradaim iomráiteacha éagsúla don ghrúpa, ina measc Grammy, BAFTA agus Ivor Novello.

I 1992 a thug Moya Brennan faoina céad albam aonair, Máire, ainm baiste an amhránaí, agus tá sé cinn d’albaim aonair curtha amach aici ó shin.

Tá glór Moya Brennan le cloisteáil ar fhuaimrianta scannán amhail Titanic, To End All Wars agus King Arthur.

Agus buaiteoir an ghradaim saoil á fhógairt aici, dúirt Ann-Marie Power, Ceannasaí Cultúir agus Ealaíon RTÉ, go raibh a saol caite ag an amhránaí “ag cur leis an daoncheol” agus gur thug sí “ardán idirnáisiúnta do cheol a ceantair dhúchais i nDún na nGall.”

“Bhí sí féin agus a muintir mar ambasadóirí ag an tír seo le linn tréimhse iontach spéisiúil dá stair pholaitiúil.

“Le linn a saoil mar ealaíontóir aonair, tharraing sí ó thobar dúchais agus staire agus gan aon fhaitíos uirthi tabhairt faoi dhúshláin nó tionscadail úra,” a dúirt Ceannasaí Cultúir agus Ealaíon RTÉ.

Moladh Brennan chomh maith as ardán a thabhairt don “tallann óg” i nDún na nGall leis na hoícheanta ceoil a bhíonn á reáchtáil aici.

Seo an dara bliain ag RTÉ na gradaim seo á reáchtáil agus is iad na craoltóirí de chuid RTÉ Ruth Smith agus John Creedon a chuirfidh an ócáid i láthair.

I measc na gceoltóirí Gaelacha atá ainmhithe ar ghearrliostaí RTÉ Folk Awards na bliana seo tá na ceoltóirí Cormac Ó Beaglaoich, Ye Vagabonds, Radie Peat, Iarla Ó Lionáird, Caoimhín Ó Raghallaigh agus Colm Mac Con Iomaire.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta