Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Diúltaithe ag McHugh d’éileamh ar phlean don Ghaeilge ‘ón réamhscoil go dtí an ollscoil’ 

| , ,

Tá diúltaithe ag Joe McHugh don éileamh go gceapfaí plean náisiúnta do mhúineadh na Gaeilge sa chóras oideachais go léir.

Léirigh pobalbhreith a foilsíodh an tseachtain seo go gcreideann 63% den phobal gur cheart polasaí náisiúnta nua a thabhairt isteach do theagasc na Gaeilge a cheanglódh le chéile gach leibhéal den chóras, ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal.

Tá a leithéid de pholasaí ar cheann de na móréilimh atá ag Conradh na Gaeilge.

Ach dúirt Joe McHugh an tseachtain seo nach raibh “aon phlean” ag a Roinn polasaí a thabhairt isteach don Ghaeilge “ón réamhscoil go dtí an ollscoil”.

Agus ceist Dála a chuir an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Robert Troy á freagairt ag an Aire, thug sé le fios gur leor a bhfuil faoi chúrsaí oideachais sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus i bPlean Gníomhaíochta Cúig Bliana an Rialtais agus nach gá plean náisiúnta do mhúineadh na Gaeilge dá réir.

“Sa phlean cuimsitheach seo [An Plean Gníomhaíochta] tá bearta comhaontaithe faoi cheangal ama chun polasaí an Stáit i leith theagasc na Gaeilge sa chóras oideachais a chur chun tosaigh ar gach leibhéal ón mbunscolaíocht go dtí an tríú leibhéal,” a dúirt Joe McHugh.

Dúirt an tAire go rabhthas ag dul i ngleic leis na “spriocanna go léir” atá ag an Rialtas i leith na Gaeilge ar bhealach “comhtháite agus comhoibríoch” faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.

De réir pobalbhreith nua a rinne Kantar Millward Brown do Chonradh na Gaeilge, 64% den phobal a chreideann gur chóir an córas oideachais a leasú ar mhaithe leis an nGaeilge.

Seo an dara huair ag an Aire Oideachais Joe McHugh diúltú don mholadh go dtabharfaí plean náisiúnta nua isteach do mhúineadh na Gaeilge.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta