Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Chaith an Taoiseach vótaí sa Dáil ar son comhghleacaithe leis

| , , ,

Chaith an Taoiseach vótaí ar son comhghleacaithe leis nach raibh ina suíocháin sa Dáil ag an am.

Is é Leo Varadkar an Teachta Dála is déanaí atá tarraingthe isteach sa chonspóid maidir le vótáil i nDáil Éireann.

Dheimhnigh an Taoiseach gur chaith sé vótaí ar son comhghleacaithe leis, ach mhaígh sé go raibh na daoine sin sa seomra Dála nuair a chaith sé vótaí ar a son.

Tháinig conspóid na vótála chun solais nuair a tuairiscíodh ar an Irish Independent gur vótáil an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Niall Collins sé huaire ar son a chomhghleacaí Timmy Dooley nuair nach raibh Dooley i seomra na Dála Déardaoin seo caite. Mhaígh Collins gur cheap sé go raibh Dooley sa seomra ag an am.

Cuireadh an bheirt Teachtaí Dála ar fionraí ó bhinse tosaigh Fhianna Fáil fad is atá an scéal á fhiosrú.

Ó shin i leith, tá ráite ag scata polaiteoirí eile gur chaith siad vótaí ar son a gcomhghleacaithe nuair a bhí siad áit eile sa seomra Dála seachas ina suíocháin.

Ina measc siúd a d’admhaigh gur bhrúigh siad an cnaipe vótála do dhaoine eile, bhí ceannaire Fhianna Fáil, Micheál Martin. Dúirt Martin go raibh a chomhghleacaithe i seomra na Dála nuair a dhein sé amhlaidh.

Dúirt urlabhraí de chuid an Taoisigh inniu go raibh difear an-mhór idir vóta a chaitheamh do dhuine a bhí áit eile i seomra na Dála agus vóta a chaitheamh do dhuine nach raibh sa seomra ag an am.

Tá conspóid na vótála á fiosrú ag Tithe an Oireachtais agus tá ráite ag ceannairí na bpáirtithe go léir gur cheart deireadh a chur leis an nós vótaí a chaitheamh ar son daoine eile, bíodh siad áit eile sa seomra Dála nó ná bíodh.

Dúirt Ceann Comhairle na Dála Seán Ó Fearghail gur scéal “an-tromchúiseach” a bhí ann agus go raibh “sláine” an phróisis vótála sa Dáil “ríthábhachtach”.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta