Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Ceardlann chartlannaithe ag CnaG agus An tUltach

| , , ,

Chuir Conradh na Gaeilge agus An tUltach imeacht ar siúl le chéile ar na mallaibh, in Áras Uí Chongaile i mBéal Feirste, le cuidiú ó Frankie Quinn, ón Belfast Archive Project.

Ceardlann chartlannaithe a bhí ann, inar taispeánadh do dhaltaí scoile agus do bhaill den phobal an dóigh le cartlann a chur le chéile, le grianghrafanna agus seandoiciméid a shábháil agus an tábhacht a bhaineann le himeachtaí stairiúla a thaifeadadh.

Rinne Helen Ní Ruanaidh ó An tUltach cur síos ar stair an irisleabhair agus labhair sí linn faoi na dóigheanna éagsúla a bhfuil siad ag iarraidh na seanchóipeanna a chur os comhair an phobail. Beidh cartlann ag oscailt ag An tUltach darb anim “Stair Faoi Cheilt” le go mbeidh an pobal in ann amharc ar na cóipeanna – a théann siar go 1924 – agus staidéir a dhéanamh.

Bhí Cuisle Nic Liam ó Chonradh na Gaeilge ann fosta a labhair faoi shean-ghrianghrafanna agus seanphíosaí scríbhneoireachta atá á lorg acu ó phobal Gaeilge an tuaiscirt le go gcuirfear i gcartlann iad lena sábháil don cheád ghlúin eile.

Má tá spéis agat sna cartlanna seo a fheiceáil, nó má shíleann tú go bhfuil grianghraf, físeán nó cáipéis staire agat a bheadh úsáideach don togra, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis na heagrais thíos.

An tUltach   Conradh na Gaeilge   Belfast Archive Project

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta