Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Breis is €750,000 ceadaithe ag Kyne do na hoileáin

| , ,

Tá breis agus €750,000 ceadaithe ag an rialtas chun oibreacha feabhsúcháin a chur i gcrích ar roinnt d’oileáin na tíre. Tá oileáin Ghaeltachta i nGaillimh, i Maigh Eo agus i nDún na nGall chun cuid den airgead a fháil.

Is iad Inis Mór i gcontae na Gaillimhe, Inis Bigil, Cliara agus Inis Toirc i gcontae Mhaigh Eo, Oileán an Bhráighe, Árainn Mhór, agus Gabhla i gcontae Dhún na nGall agus Faoide, An tOileán Mór, Inis Uí Drisceoil agus Inis Arcáin i gcontae Chorcaí na hoileáin atá i gceist.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, Seán Kyne TD, go raibh an-áthas air an deontas €753,350 a fhógairt.

“Léiríonn an fógra seo inniu, maidir le cúnamh chun mionoibreacha a chur i gcrích ar na hoileáin, go bhfuil an Rialtas tiomanta acmhainní a chur ar fáil le go bhfeabhsófaí infreastruchtúr ar na hoileáin, nuair atá na hacmhainní sin ar fáil,” a dúirt an tAire.

Tabharfar €249,975 do Chomhairle Contae Chorcaí, €295,250 do Chomhairle Contae Mhaigh Eo, €110,625 do Chomhairle Contae Dhún na nGall agus €97,500 do Chomhairle Chontae na Gaillimhe chun na hoibreacha feabhsúcháin a chur i gcrích.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta