Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

An tragóid Ghréagach ‘Medea’ trí mheán na Gaeilge

| , , ,

Is tragóid ársa Ghréagach é ‘Medea’ a scríobh an drámadóir clúiteach Eoiripidéas sa bhliain 431 RCh.

Tá an dráma bunaithe ar mhiotas faoi Medea, iar-bhanríon ar an ríocht Coilcís, agus a fear céile Iasón. Nuair a thréigeann Iasón Medea le dul le banríon óg eile, téann an scéal in olcas agus Medea go mór in éad léi agus náirithe os comhair an phobail.

Aistrithe go Gaeilge ag Prin Duignan agus léirithe ag an chompántas Splódar, beith Medea ag dul ar camchuairt timpeall na tíre (féach na dátaí thíos).

Beidh Tara Breathnach sa phríomhról agus is é Lochlann Ó Mearáin a bheidh i ról Iasóin.

25 Deireadh Fómhair – An Taibhearc, Gaillimh

26 Deireadh Fómhair – The Glens Centre, Cluainín

27 Deireadh Fómhair – Amharclann Ghaoth Dobhair

6 Samhain – An Chultúrlann, Béal Feirste

8 Samhain – The Factory Performance Space, Sligeach

Tuilleadh eolais ar https://splodar.ie

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta