Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Airgead á bhailiú ag bean Ghaeltachta ar mhaithe le seirbhísí ailse

| , , ,

D’eagraigh Rosanne Ní Ghallachóir cóisir tae in Áislann Rann na Feirste ag an deireadh seachtaine ar mhaithe le Cumann Ailse na hÉireann agus Eitiltí Ailise Dhún na nGall.

Fuair Rosanne amach go raibh ailse bhrollaigh uirthi sa bhliain 2017.

Bliain ina dhiaidh sin, i ndiaidh di dul fríd babhtaí ceimiteiripe agus radaiteiripe, fuair Rosanne amach go raibh ailse aici ar mhuineál na
broinne, rud a tháinig aniar aduaidh uirthi féin, a beirt pháistí agus a teaghlach ar fad.

Ach arís eile throid Rosanne in aghaidh an ghalair. Seo é a scéal…

VIDEO

Bhain Rosanne úsáid as na seirbhisí tacaíochta de chuid Chumann Ailse na hÉireann agus Eitiltí Ailise Dhún na nGall le linn a tinnis agus chinn sí an chóisir tae a reáchtáil le hairgead a chruinniú ar son na ngrúpaí sin.

Tá leathanach Go Fund ME ag Rosanne agus beidh sí ag glacadh le síntiúis go dtí deireadh na míosa, mar chuid den mhí feasachta i leith ailse bhrollaigh.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta