Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Tús á chur le sraith nua siamsaíochta le hÁine Ní Bhreisleáin ar RnaG tráthnóna

| , , ,

Cuirfear tús tráthnóna ar RTÉ Raidió na Gaeltachta le clár siamsaíochta nua a bheidh á chur i láthair ag an gcraoltóir aitheanta as Gaoth Dobhair Áine Ní Bhreisleáin.

Craolfar beo ó stiúideo Raidió na Gaeltachta sna  Doirí Beaga Bladhaire gach Déardaoin agus Aoine idir 3 pm agus 5pm.  

Gealltar ar Bladhaire siamsaíocht, seisiúin cheoil bheo, plé ar imeachtaí ar fud na tíre, agallaimh le daoine ar fud an domhain “agus corrphíosa spóirt freisin”.

Dúirt Áine Ní Bhreisleáin go raibh sí ag súil go mór leis an gclár nua.




“Tá mé ag súil go mór le tús a chur leis an tsraith.  Is clár éadrom, siamsúil a bheidh ann, le ceol, gáire agus comhrá le haíonna in Éirinn agus thar sáile fá mheascán ábhar: imeachtaí, feachtais, scéalta agus neart eile, agus beidh muid ag iarraidh éisteoirí úra óga a mhealladh chugainn fosta,” a dúirt Áine Ní Bhreisleáin.

Is é Damien Ó Dónaill a bheith ina léiritheoir ar an tsraith nua.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta