Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

‘Tic Teac’ le Púca Puppets

| , , ,

I 1997 bhunaigh Niamh Lawlor an comhlacht ‘Púca Puppets’ agus í ag iarraidh an dá mhórspéis a bhí aici – an aisteoireacht agus an dearadh – a thabhairt le chéile. Sin an chúis ar thug sí faoi phuipéid a chruthú agus an scéal ‘Tic Teac’ a chumadh í féin.

Úsáideann sí na puipéid sin le haistear taiscéalaíochta agus forbartha an pháiste a léiriú agus a cheiliúradh.

Tugann sí cuireadh do na páistí páirt a ghlacadh sa seó agus cuidiú a thabhairt leis an seit a chur le chéile. I ndiaidh phríomhchuid an scéil bíonn seans ag gach duine an mata cailce a líonadh le pictiúir atá tarraingthe acu féin.

Thóg Niamh na puipéid uilig í féin agus is le linn di a bheith ag smaoineamh siar ar a hiníon féin agus í níos óige agus ar cé chomh gasta agus a d’fhás sí aníos a tháinig sí ar an scéal. Bhí sí ag iarraidh an tábhacht a bhaineann le fás agus le forbairt gach páiste a cheiliúradh.

Mar chuid den fhéile ‘Liú Lúnasa’ tháinig Niamh ar ais i ndiaidh sos cúpla bliain chun an seó siamsúil a chur ar an ardán arís. 

Chuaigh Meon Eile chuig Cultúrlann McAdam Ó Fiaich leis an seó a fheiceáil agus fuair muid seans a bheith i gcuideachta Niamh agus comhrá a bheith againn léi.

Le tuilleadh eolais a fháil ar Púca Puppets téigh anseo

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta