Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Seancheirdeanna na hÉireann : Lámhfhíodóireacht le Máire Ní Thaidhg

| , , ,

Is iomaí seancheird a cuireadh ar aghaidh ó ghlúin go glúin anseo in Éirinn. Ach níl mórán daoine ann na laethanta seo ar féidir leo a rá gur saineolaithe iad ar na seanbhealaí cruthaitheacha a bhí ag muintir na tíre seo rudaí a chruthú. Sa tsraith úr seo ar Meon Eile ‘Seancheirdeanna na hÉireann’ buailfidh muid le daoine timpeall na tíre atá ag coinneáil seancheirdeanna beo.Sa chéad eagrán an tseachtain seo, bhuail Meon Eile le Máire Ní Thaidhg. Tá Máire lonnaithe sa Cheardlann ar an Spidéal i gContae na Gaillimhe ó osclaíodh 30 bliain ó shin é. Is lámhfhíodóir í agus buaileann turasóirí agus muintir na háite isteach chuici go rialta chun a saothar a fheiceáil agus a cheannach.

Bhuail Meon Eile le Máire ar na mallaibh le labhairt faoi thraidisiún na lámhfhíodóireachta agus faoina cuid oibre féin.

Is féidir tuilleadh eolais faoi Mháire agus faoi na ceardaithe eile sa Cheardlann ar an Spidéal a fháil anseo.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta