Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Sárú ar an dlí é ag Boris Johnson parlaimint na Breataine a chur ar fionraí – cinneadh cúirte

| , ,

Tá Páirtí an Lucht Oibre agus an SNP in Westminster ag iarraidh parlaimint na Breataine a aisghairm i bhfianaise cinneadh cúirte go raibh sé in aghaidh an dlí í a chur ar fionraí.

De réir cinneadh a rinneadh sa chúirt achomhairc is airde in Albain ba shárú ar an dlí é ag Boris Johnson parlaimint na Breataine a chur ar fionraí. Dúirt Dominic Grieve, duine den 21 easaontóir sa pháirtí Caomhach a vótáil ar son cosc a chur ar an mBreatimeacht gan mhargadh, gur chóir do Johnson éirí as más amhlaidh gur chuir sé an Bhanríon ar mhíthreoir maidir lena chúiseanna an pharlaimint a chur ar fionraí.

Rialaigh painéal triúr breithiúna i gCúirt na Seisiún in Albain i bhfabhar an ghrúpa thraspháirtí a thug dúshlán Phríomh-Aire na Breataine.

Dúirt na breithimh gurbh é a bhí ar bun ag Johnson ná iarracht a dhéanamh cosc a chur ar an bparlaimint a cúram a dhéanamh agus an Breatimeacht a phlé.

Tá sé i gceist ag an Rialtas achomharc a dhéanamh sa Chúirt Uachtarach i gcoinne an bhreithiúnais.

B’amhlaidh gur chuir cinneadh an lae inniu i gCúirt na Seisiún ar ceal cinneadh eile a rinneadh sa chúirt chéanna an tseachtain seo caite nuair a rialaíodh nár sháraigh Johnson an dlí.

Ní léir go fóill cén tionchar a bheidh ag cinneadh an lae inniu ar thréimhse fionraíochta cúig seachtaine na parlaiminte ar cuireadh tús leis inné.

Nuair a d’fhógair Johnson an mhí seo caite go raibh an pharlaimint á cur ar fionraí dúradh gur feillbheart agus bagairt” don daonlathas” é. 

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta