Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Pod don Eolach II – sraith nua de phodchraoladh NÓS

| , ,

Cuirfear tús an mhí le sraith a dó de phodchraoladh NÓS, Pod don Eolach. Beidh an chéad eagrán den dara sraith dár bpodchraoladh á thaifeadadh amárach i stiúideo nua Raidió Fáilte, a osclaíodh níos luaithe i mbliana. 

Is é eagarthóir NÓS, Maitiú Ó Coimín, a bheidh sa gcathaoir arís don tsraith seo agus aíonna éagsúla ó gach cearn den tír in éineacht leis gach seachtain. Is iad Ciarán Mac Giolla Bhéin agus Gráinne Ní Ghilín, beirt atá aitheanta go maith i saol na Gaeilge i Ultaibh agus atá an-ghníomhach sa ngrúpa An Dream Dearg, a bheidh sa stiúideo le Maitiú an tseachtain seo, agus na hailt is mó léamh ar NÓS á bplé acu. 

“Tá mé ag súil le tús a chur leis an bplé arís. Bhí an-tóir ar Pod don Eolach an bhliain seo caite agus bhí sé ar cheann de na rudaí is mó a tharraing caint agus plé i measc ár leantóirí ar líne. Tá muid ag súil le bheith ag obair le stáisiúin pobail ar fud na hÉireann arís i mbliana agus in áiteacha eile freisin.

“Tugann Pod don Eolach deis dúinne aithne níos fearr a chur ar ár léitheoirí, agus cuirfidh ár léitheoirí aithne níos fearr ar ár scríbhneoirí. Tá sé mar sprioc againn eagrán a thaifeadadh i ngach contae, ní gá go ndéanfaí sin in aon sraith amháin, ach bhí muid i gcúig nó sé chontae cheana,” a dúirt Maitiú.

An bhliain seo caite, taifeadadh eagráin de Pod don Eolach i mBaile Átha Cliath, i mBéal Feirste, i nGaillimh agus i nDoire in ionaid éagsúla. Chuathas chomh fada le New York i mí na Bealtaine le heagrán speisialta a dhéanamh leis an eagraíocht teanga Gaeil Nua-Eabhrac sa gcathair sin, agus tá súil ag NÓS tuilleadh eagrán idirnáisiúnta a thaifeadadh sna seachtainí amach romhainn. 

Is mian linn freastal ar ár léitheoirí ar fad timpeall na hÉireann agus ba mhaith linn an podchraoladh a thabhairt “ar an mbóthar” an oiread agus is féidir. Mar sin, más léitheoir dílis de chuid NÓS thú agus tú i do chónaí i mbaile nach raibh muid ann go dtí seo, tá míle fáilte romhat ríomhphost a chur chugainn ag eolas@nos.ie. Ní mór ar a laghad beirt a bheith ar fáil le páirt a ghlacadh sa bpodchraoladh agus ionad cuí ann. 

Tá fáil ar shraith a haon de Pod don Eolach ar leathanach SoundCloud NÓS agus beidh na heagráin go léir le cur ar fáil ar ardáin éagsúla podchraoltaí amach anseo. 

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta