Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Ní féidir geallúint a thabhairt go mbeidh Gaeilgeoir ar an ‘Late Late Toy Show’ an Nollaig seo – RTÉ

| , ,

Deir RTÉ go bhfuil ‘fáilte’ á cur acu roimh iarratais ó pháistí le Gaeilge a bheith ar The Late Late Toy Show i mbliana, ach tá díomá ar thuismitheoir amháin nach bhfuil an stáisiún sásta geallúint a thabhairt go mbeidh an Ghaeilge le cloisteáil le linn an chláir.

Thug urlabhraí ó fhoireann léirithe an Late Late Show le fios go mbeadh fáilte roimh iarratais don chlár ó Ghaeilgeoirí i ndiaidh do Tuairisc.ie soiléiriú a lorg faoi pholasaí an chláir iomráitigh i leith na Gaeilge.

Tuismitheoir is túisce a d’ardaigh ceist na Gaeilge ar The Late Late Toy Show.

Ó tharla gur i mBéarla amháin a fógraíodh an t-eolas maidir leis na héisteachtaí a bheas á reáchtáil don The Late Late Toy Show ar shuíomh RTÉ agus nach raibh fáil ach ar leagan Béarla den fhoirm iarratais don chlár, dúirt Mairéad Ní Iarlaithe i litir a chuir sí chuig lucht an Late Late Show nárbh léir do thuismitheoirí an nglacfaí le hiarratais ó pháistí le Gaeilge.

Próiseas roghnúcháin “cothrom agus neamhspleách” a dhéanann “measúnú ar gach iarratas ar an tslí céanna” atá i bhfeidhm ag RTÉ, a dúirt urlabhraí an stáisiúin.

Ghlacfaí le “hiarratais as Gaeilge agus as Béarla” ó pháistí ar mian leo a bheith páirteach sa chlár i mbliana, a dúirt an t-urlabhraí.

Dúirt Máiread Ní Iarlaithe gur teachtaireacht “chumhachtach” a bheadh ann do chainteoirí óga Gaeilge páiste eile a fheiceáil agus “bréagán spreagúil” á chur i láthair acu ina dteanga féin.

Mar thoradh ar éileamh an tuismitheora, cuireadh an líne ‘Fáilteofar roimh iarratais as Gaeilge’ leis an eolas a ghabhann leis an fhoirm iarratais atá ar fáil i mBéarla amháin ar shuíomh RTÉ. 

Dúradh le Máiréad Ní Iarlaithe, áfach, nach bhféadfadh RTÉ aon gheallúint a thabhairt go mbeadh páiste le cloisteáil ag labhairt na Gaeilge ar an chlár.

Ag labhairt di le Tuairisc.ie, dúirt Ní Iarlaithe gur cúis díomá é nach bhfuil “cur chuige níos gníomhaí” ag an chraoltóir náisiúnta maidir leis an Ghaeilge agus gur deis amú a bheadh ann dul i bhfeidhm ar dhaltaí óga ar fud na tíre mura mbeadh Gaeilgeoir óg le cloisteáil ar The Late Late Toy Show.

The Late Late Toy Show á chraoladh ón mbliain 1975.

Inniu an lá deireanach a ghlacfar le hiarratais ó pháistí ar mian leo a bheith ar mhórchlár na Nollag de chuid RTÉ 1.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta