Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Na mílte ar shráideanna Bhéal Feirste don stailc aeráide

| , , ,

Ghlac na mílte duine seilbh ar shráideanna Bhéal Feirste Dé hAoine seo caite mar chuid de léirsiú faoin ghéarchéim aeráide.

Léirsiú dáite, lán daoine óga a bhí ann a bhailigh ar dtús ag Margadh an Arbhair agus a shiúil ansin go Halla na Cathrach.

Shiúil daoine óga amach as a seomraí ranga agus d’fhág daoine fásta a n-áiteanna oibre fud fad na cathrach chun páirt a ghlacadh sa stailc aeráide. Bhí daoine ar fud na cruinne spreagtha ag an ghníomhaí óg timpeallacha Greta Thunberg a chur tús lena stailc aeráide féin anuraidh.

Ghlac 185 tír páirt sa stailc i ngach cearn den domhan. Cé go raibh lucht eagraithe an léirsithe i mBéal Feirste ag súil le idir 300 agus 400 duine, dúirt siad gur bhailigh timpeall 4,000 duine le chéile ar an lá. D’impigh an slua ar pholaiteoirí agus orthu siúd i gcumhacht tuilleadh a dhéanamh chun stop a chur leis an ghéarchéim aeráide.

Bhí Meon Eile i lár na stailce aeráide agus seo mar a thit cúrsaí amach…

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta