Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Liam, Ciara agus Róisín na hainmneacha Gaeilge ag Met Éireann do na stoirmeacha romhainn amach

| , ,

Tá ainm anois againn d’aon stoirm a thiocfaidh an bealach as seo go ceann bliana agus tá trí ainm Gaeilge ina measc –  Liam, Ciara agus Róisín. I gcomhar le Met Office na Breataine agus KNMI, oifig aimsire na hOllainne, d’eisigh Met Éireann inniu na hainmneacha atá roghnaithe don bhliain seo chugainn.

Ba in 2015 a thosaigh Met Éireann an feachtas poiblí chun ainmneacha a bhaisteadh ar na stoirmeacha agus é mar aidhm acu an pobal a spreagadh le suim a chur i gcúrsaí aimsire agus an tionchar a bhíonn ag an drochaimsir ar an saol. I mbliana an chéad bhliain ag KNMI na hOllainne a bheith i bpáirt le hÉirinn agus an Bhreatain.

Fuair Met Éireann na mílte ainmneacha ón bpobal agus is as na moltaí sin a ceapadh an liosta.

Dúirt Evelyn Cusack, Ceannaire na Seirbhíse Réamhaisnéise i Met Éireann:

 “Cuidíonn na hainmneacha agus an cód dathanna ar stoirmeacha le teachtaireacht shoiléir údarásach a thabhairt don phobal agus tugann sé deis dóibh iad féin a ullmhú agus aon chontúirt a sheachaint.”

21 ainm ar fad atá ar an liosta do 2019/2020 agus is léir go bhfuil ainmneacha ann as na trí thír atá páirteach sa chóras. I measc ainmneacha as an tír seo tá Brendan, a ainmníodh i gcuimhne ar an bhfear grinn Brendan Grace a bhásaigh le déanaí. Tá Francis ann in ómós do Francis Beaufort as an Uaimh i gcontae na Mí a thug scála Beaufort dúinn, an scála a úsáidtear chun luas na gaoithe a thomhas.

Tá Liam, Ciara, Róisín agus Maura ar an liosta chomh maith. Ón bpobal a tháinig na moltaí agus a gcuid cúiseanna féin ag daoine lena rogha.

Atiyah an chéad stoirm eile a bhuailfidh an taobh seo den domhan agus ina diaidh aniar, nó pé treo eile a dtiocfaidh siad, beidh Brendan, Ciara, Dennis, Ellen, Francis, Gerda, Hugh, Iris, Jan, Kitty, Liam, Maura, Noah, Olivia, Piet, Róisín, Samir, Tara, Vince and Willow.

Ní úsáidtear ainmneacha a thosaíonn leis na litreacha Q, U, X, Y ná Z faoi rialacha idirnáisiúnta na meitéareolaíochta.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta