Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

FÍSEÁN: Bia le BLOC

| , ,

Is as cathair na Gaillimhe ár gcócaire óg, Evan O’Ceallaigh, fear a bhfuil neart taithí sa gcistin aige ainneoin nach bhfuil sé ach 23 bliain d’aois. Chaith sé seal i gcuid de na bialanna is fearr in Éirnin agus thar lear agus tá a chaifé féin aige, The Bare Pantry Café, i gcathair na Gaillimhe anois. Tá a shraith cócaireachta féin aige ar YouTube ina gcuireann sé agallamh le cócairí éagsúla in Éirinn.


Bricfeasta le BLOC: Shakshuka

Na Comhábhair

1 spúnóg ola olóige

1 phiobar dearg

1 oinniún beag, mionghearrtha

3 ionga gairleoige, mionghearrtha

1 spúnóg bhoird d’anlann sriracha

Spúnóg Bhoird Paiprice Deataithe

1 canna trátaí gearrtha

1 ubh

Glac bheag pheirsile, gearrtha suas

1 slisne aráin, tóstáilte

An tOideas

Téigh friochtán beag go teas measartha. Cuir ola olóige ann.

Nuair a bheidh an friochtán te, cuir isteach na hoinniúin agus an ghairleog agus fág ar tarraingt iad.

Bain na síolta as an bpiobar agus gearr ina slisní tanaí iad.

Cuir na piobair isteach sa bhfriochtán in éineacht leis na hoinniúin agus cócaráil ar theas íseal iad go mbeidh siad bog.

Cuir na trátaí isteach sa bhfriochtán. Cócaráil ar feadh 10 nóiméad iad go mbeidh meascán mór amháin agat.

Cuir isteach an t-anlann sriracha.

Cuir an t-anlann trátaí ansin isteach i mias is féidir a chur san oigheann.

Déan poll i lár an mheascáin piobair agus cuir ubh ina lár.

Cuir isteach in oigheann te é ar feadh 5 nóiméad go dtí go mbeidh an ubh bruite.

Le bailchríoch a chur ar an shakshuka, cuir peirsil ghearrtha, piobar dubh agus steall bheag ola olóige air agus cuir chun boird é le slisne tósta.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta