Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Ealaín iontach Andrew Whitson

| , , ,

Bhunaigh Andrew Whitson agus Caitríona Nic Sheáin an comhlacht foilsitheoireachta An tSnáthaid Mhór sa bhliain 2005.

Shocraigh an lánúin go n-oibreodh siad chun miotaseolaíocht agus seanscéaltaí na hÉireann a chur ar fáil do léitheoirí óga ar bhealach nua-aimseartha.

Is maisitheoir agus ealaíontóir é Andrew agus is é a chuid oibre féin a fheictear i leabhair uile an chomhlachta.

Ag tús an tsamhraidh bhí taispeántas nua aige i nDánlann Dillon i mBeál Feirste.

“Inaitheanta?” an t-anim a bhí air agus léiríodh pictúirí agus carachtair ar a raibh cuma aitheanta go dtí gur breathnaíodh níos cóngaraí orthu.

Agus bhí an taispeántas seo mar chúlra daite dathúil ag seoladh leabhair a bhí ag an An tSnáthaid Mhór le déanaí.

Is leabhar gleoite é ‘Muireann agus an Míol Mhór’ a scríobh Malachy Doyle agus a d’aistrigh Máire Zepf, agus atá tugtha chun beatha ag léaráidí Andrew.

Bhí Meon Eile i láthair ag na himeachtaí i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste, áit ar labhair muid le Caitríona agus Máire faoin obair atá deánta ag Andrew go dtí seo.

Le tuilleadh eolas a fháil ar An tSnáthaid Mhór, téigh anseo.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta