Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Dialanna Sheáin Uí Ríordáin le foilsiú

| , , ,

Is beag dalta scoile nach bhfuil staidéar déanta aige ar shaothar filíochta Sheáin Uí Ríordáin, duine de na daoine ba chlúití agus ba thábhachtaí i litríocht na hÉireann sa 20ú haois.

D’aithneodh duine láithreach bonn ‘réal na gealaí’ a thit i ‘scamallsparán, go mall, mall, faitíosach’ ón dán clúiteach dá chuid ‘An Peaca’, cuir i gcás.

Cé go bhfuil an oiread sin staidéir déanta ar an Ríordánach, áfach, níor cuireadh a dhialanna pearsanta ar fáil go dtí seo – níl siad le fáil ach i seomra léitheoireachta na seanchnuasach sa leabharlann in UCD.

A bhuí leis na dialanna seo, a chuimsíonn an tréimhse idir 1940 agus bás an fhile in 1977,  tugtar léargas domhain ar an mhodh machnaimh a bhí aige agus ar na rudaí a raibh dúil aige iontu, ar a chuid tuairimí agus ar nithe ina shaol príobháideach – an cath a throid sé in éadan na heitinne, mar shampla.

Labhair Meon Eile leis an Dr. Pádraig Ó Liatháin (Fiontar agus Scoil na Gaeilge DCU) atá ag obair le Cló Iar-Chonnacht chun an saothar tábhachtach seo a chur i gcló faoi dheireadh thiar thall.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta