Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Rianta na Míosa – Lúnasa

| , ,

Seo chugaibh Rianta na Míosa ónár gcolúnaí ceoil, Ben Ó Faoláin. Uair sa mí, anseo ar NÓS agus ar ár leathanach Spotify, roinneann Ben na rianta is mó a thaitin leis le mí anuas.


An mhí seo is iomaí stíl cheoil a mheall ár gcluas — idir indie, phunc, dhioscó, house, shnag-cheol, leictreo agus eile. 

Ar na rianta nua is mó a chuaigh i bhfeidhm orainn le mí anuas bhí ceol ó DJ Shadow, Ezra Furman, Ross From Friends agus Gruff Rhys, chomh maith le traiceanna úra Shannon Lay, Moon Duo, Biochip, agus Theo Parrish. 

Is seinnliosta thar a bheith idirnáisiúnta atá againn daoibh an geábh seo agus ceoltóirí ón tSaimbia, ón Iosrael, ó Mheiriceá agus ón nGearmáin san áireamh ann. 

Mar is iondúil, tá cúpla athmheascadh agus atheisiúint i measc na rianta ar sheinnliosta NÓS agus an mhí seo tá ‘Angel’ le Massive Attack ón albam Mezzanine in Dub, albam a bheidh ar fáil roimh i bhfad. 

Ar an ceoltóirí Éireannach ar liosta na míosa tá Girl Band ó Bhaile Átha Cliath agus Brídín as Sligeach. 

Ná déan dearmad NÓS a leanacht ar Spotify!

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta