Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Cás gnó do cheannach Aerfort na Mine á mheas ag Roinn na Gaeltachta

| , , ,

Tá cás gnó do cheannach Aerfort na Mine i gConamara anois á mheas ag oifigigh Roinn na Gaeltachta.

Seo an chéim is déanaí i bplean na Roinne an t-aerfort Gaeltachta a cheannach don Stát.

Tuairiscíodh an tseachtain seo caite go raibh Roinn na Gaeltachta agus Aer Árann tagtha ar aon intinn faoi luach an aerfoirt i gCois Fharraige agus praghas socraithe eatarthu. 

Dhiúltaigh an Roinn a rá le Tuairisc.ie cén praghas a cuireadh ar an aerfort ar le húinéir Aer Árann, an Seanadóir neamhspleách as an Spidéal Pádraig Ó Céidigh, é.

Mar chuid den phróiseas sin fostaíodh comhlacht eitlíochta chun cás gnó don aerfort a ullmhú. 

Dheimhnigh Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne don Dáil go raibh an cás gnó sin faighte anois ag a roinn agus é “á mheas faoi láthair”.

Bhí súil aige, a dúirt sé, go dtabharfaí faoi “na chéad chéimeanna” eile sa phróiseas ceannacháin “go luath”.

Deireadh mhí an Mhárta an spriocam a bhí leagtha síos ar dtús don idirbheartaíocht faoi cheannach an aerfoirt. Dúradh an t-am sin gur easaontas faoi luach an aerfoirt ba chúis leis an moill ar an phróiseas. 

Tiocfaidh deireadh le conradh eatramhach an Galway Aviation Services Ltd, atá i mbun na seirbhíse aeir go dtí trí oileán Árann faoi láthair, ag deireadh na míosa seo. 

Dúirt Seán Kyne go bhfuil a Roinn “ag gníomhú chun a chinntiú nach mbeadh briseadh sa tseirbhís agus go mbeidh conradh eile socraithe go luath”.

I mí Dheireadh Fómhair seo caite a chéad léirigh Roinn na Gaeltachta suim i gceannach aerfort na Mine. Chuir Aer Arann in iúl don Roinn an uair sin go mbeadh siad ag tarraingt siar ón dá chonradh atá acu i dtaobh na seirbhíse  – an conradh don tseirbhís féin agus an conradh d’úsáid Aerfort na Mine i gCois Fharraige. 

Dúirt an Seanadóir Pádraig Ó Céidigh le Tuairisc.ie anuraidh go raibh sé “breá sásta” Aerfort na Mine agus Aer Arann féin a dhíol leis an Stát.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta