Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Caithfidh Aire Stáit na Gaeltachta cuairt a thabhairt ar Ghaoth Dobhair le dochar tuilte a fheiceáil

| , , ,

Tá ráite ag an iar-aire stáit Gaeltachta Pat ‘the Cope’ Ó Gallchóir gur cheart d’Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne cuairt a thabhairt ar Ghaoth Dobhair an tseachtain seo i bhfianaise na dtuilte a bhí ann ag an deireadh seachtaine.

Bhí áiteanna i nGaeltacht Dhún na nGall i measc na gceantar ba mheasa a bhí buailte ag an mbáisteach throm sa chontae.

Dúnadh bóthar i Mín an Locha, mar gheall ar sciorradh talún agus fágadh dhá theaghlach sáinnithe nuair a scriosadh droichead abhainn na Cláidí.

Droichead thar abhainn na Cláidí i nGaoth Dobhair scriosta ag an tuile aréir. Ón phríomhbhealach chuig tithe a shíneann an droichead..⁦@NuachtRTE⁩ ⁦@NuachtTG4pic.twitter.com/q2dWcp5raW

— Ailbhe Ó Monacháin (@AilbheOM) August 31, 2019

Dúirt Pat ‘the Cope’ Ó Gallchóir, an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, gur cheart do Sheán Kyne teacht go dtí Gaoth Dobhair chun an dochar a rinne na tuilte a fheiceáil agus maoiniú a fhógairt don obair dheisiúcháin.

“In 2009 rinneadh go leor dochair i nGaoth Dobhair mar gheall ar thuilte agus tháinig an té a bhí ina aire [Gaeltachta] ag an am Éamon Ó Cuív ar cuairt láithreach agus chuir sé maoiniú ar fáil d’obair feabhsúcháin. Tá mise anois ag iarraidh ar an Aire Stáit Seán Kyne cuairt a thabhairt ar Ghaoth Dobhair agus an maoiniú atá riachtanach a cheadú,” a dúirt Pat ‘The Cope’ Ó Gallchóir.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta