Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Anois an t-am a gcearta a thabhairt do pháistí scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta

|
Dé Máirt, Meán Fómhair 10 2019 ag 6:05 am

Deirtear gurb é ár gcumas cumarsáide an tréith is suntasaí atá ag an gcine daonna, an tréith a scarann muid ó ainmhithe eile. Níl mé féin cinnte; tá go leor nach bhfuil ar eolas againn faoi cheol na n-éan ná damhsa na mbeach fós. Is go nádúrtha a thagann an teanga ó bhéal an duine. Tógann sé blianta an léamh a fhoghlaim, áfach, agus bíonn go leor teagaisc i gceist.

Bíonn tionchar ollmhór ag an teanga féin ar an méid ama agus ar an leibhéal deacrachta a bhaineann leis an léamh a fhoghlaim. Bíonn baint shuntasach ag an gcóras scríbhneoireachta atá ag teanga le cúrsaí agus is féidir le rialtacht na Gaeilge a bheith ina buntáiste do pháistí má mhúintear na fuaimeanna agus na rialacha litrithe dóibh.

Ach tá dúshláin ann chomh maith; níl an méid céanna taighde, acmhainní ná seirbhísí ar fáil sa Ghaeilge.

Cé go bhfuil ceist na ndíolúintí i mbéal an phobail faoi láthair, creidim go bhfuil ceist an chomhionannais níos suntasaí: má chuirtear oideachas ar fáil sa dá theanga náisiúnta, nár chóir na seirbhísí céanna a sholáthar sa dá theanga? Ní shin mar atá faoi láthair, agus is i gcomhthéacs na n-easpaí seo a mholtar go rialta do pháistí a bhfuil deacrachtaí litearthachta acu bogadh ó scoil lán-Ghaeilge go scoil Bhéarla.

Cuireann an cleachtas seo ina luí ar pháistí nach féidir leo an léamh a fhoghlaim ina dteanga dhúchais féin nó i dteanga a gcuid oideachais, tuairim nach bhfuil bunús céille ná eolaíochta léi.

Ní fios cad a bhíonn i ndán do pháiste. Ní léir go fóill cén bóthar a leanfaidh siad nó cé na scileanna a bheidh ag teastáil uathu.

Castar daoine orm ó am go chéile, agus mé ag múineadh, atá ag filleadh ar an nGaeilge mar gheall nach raibh deis acu í a fhoghlaim ar scoil. Bíonn cuid acu ag iarraidh Gaeilge a labhairt lena bpáistí féin, cuid eile ag iarraidh dul i mbun múinteoireachta. Bíonn suim ar leith ag daoine eile i stair nó i litríocht na Gaeilge. Bíonn ionadh ar go leor acu gur féidir leo an teanga a fhoghlaim agus a léamh.

Ní mór cultúr a chothú ina dtugtar an deis do pháistí fanacht i scoileanna lán-Ghaeilge, fás agus bláthú iontu.

Tosaíonn sé seo leis na measúnuithe a dhéantar ar dhaltaí óga. Caithfear a aithint gur gá gur síceolaí oideachais a bhfuil Gaeilge aici nó aige, agus a thuigeann an dátheangachas, a dhéanann tástáil ar pháistí i scoileanna lán-Ghaeilge.

Ní hamhlaidh a bhíonn i gcónaí agus tarlaíonn sé dá bharr go bhfaigheann páistí Gaeltachta diagnóis atá go hiomlán míchruinn mar gheall ar an mbearna seo sa chóras.

Rud eile de, caithfear na huirlisí cearta a bheith ar fáil do shíceolaithe oideachais a bhfuil Gaeilge acu. Níl tástálacha de réir an noirm ar bith ann as Gaeilge chun freastal orthu siúd atá i scoileanna Gaeltachta nó i ngaelscoileanna. Fágann sé sin nach féidir le páistí a gcumas a léiriú i dteanga a gcuid oideachais, agus go bhfuil sé i bhfad níos deacra measúnú cruinn a chur ar fáil.

Tá tástálacha de réir an noirm ar fáil i mionteangacha eile, amhail an Bhreatnais, a bhfuil líon teoranta cainteoirí acu. Is léir go bhfuil sé indéanta ach infheistíocht airgid agus ama a dhéanamh. D’fhiosraigh an Roinn Oideachais i dTuaisceart Éireann go hoifigiúil an bhféadfaí tástálacha Gaeilge a dhearadh, ach bheartaigh siad gan é a dhéanamh mar gheall ar an gcostas a bhainfeadh leis.

Is éasca luach airgid a chur ar earraí. Is deacair luach airgid a chur ar rudaí teibí, cosúil le cearta teanga, cearta oideachais agus comhionannas. Ach aithnímid gan cheist go bhfuil tábhacht leis na nithe seo, na rudaí a threisíonn ár ndaonnacht agus a scarann ón ainmhí muid. Anois an t-am leis an mbealach a réiteach do chultúr nua bunaithe ar chearta teanga agus oideachais agus córas a thabhairt isteach a chuireann an tacaíocht chéanna ar fáil don Ghaeilge is a chuirtear ar fáil don Bhéarla.

– Tá Emily Barnes ag obair sa tSaotharalann Foghraíochta agus Urlabhra i gColáiste na Tríonóide

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta