Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

‘Storm Siobhán has it all!’ – ainmneacha Gaeilge á mholadh do stoirmeacha na bliana seo chugainn

| , ,

Tá Met Éireann ag lorg moltaí ón phobal maidir le hainmneacha a bhféadfaí a thabhairt ar stoirmeacha na bliana seo chugainn.

Bhain trí ainm ‘Gaelach’ áit amach ar liosta ainmneacha  stoirmeacha do 2018/2019 – Deirdre, Saoirse agus Niamh.

Tháinig agus d’imigh Stoirm Deirdre mí na Nollag seo caite agus, ag brath ar líon na stoirmeacha atá romhainn amach i mbliana, d’fhéadfadh go mbeidh lucht aimsire na hÉireann agus na Breataine ag trácht an geimhreadh seo ar stoirm Saoirse agus stoirm Niamh.

Maidir le liosta na bliana seo chugainn tá cuid mhaith daoine ar Twitter ag moladh do Met Éireann go roghnófaí ainmneacha Gaelacha arís.

Storm Bláithín! More people need to learn how to pronounce this name. You’d be doing me a solid #IrishStormNames

— Bláithín Wilson (@blaithin_wilson) July 30, 2019

Céard faoi: Manannán, Clíodhna, Ruairí. Baineann siad go mór tonnta nó an aimsir ar mhuir thár timpeall na tíre! #IrishStormNames

— Eoin Ó Riain (@ReadoutSignpost) July 30, 2019

I fancy Storm Pilib! #IrishStormNames

— Philip Nolan (@philipnolan1) July 30, 2019

I think it’s about time the name ‘Aodhán’ gets some recognition. I mean @MetEireann it literally means ‘fiery’ so would be perfect for your list of #IrishStormNames. Plus, I could really do with helping people learn how to correctly spell and say my name pic.twitter.com/MvIdmi3MGO

— Aodhán Gregory (@AodhanGregory) July 30, 2019

Storm Siobhán has it all

1. A common name people will recognise

2. A bit of Gaeilge with a French/Norman past (I think)

3. Alliteration #IrishStormNames

— Siobhán Nic Chumhaill (@Siobhan2culture) July 30, 2019

21 ainm ar fad a bheidh ar liosta na n-ainmneacha do 2019-2020 a fógrófar an fómhar seo.

Roghnaíonn Met Éireann agus Met na Breataine liosta ainmneacha le chéile gach bliain a mbaintear úsáid as de réir mar a thagann stoirmeacha chugainn. Sé cinn d’ainmneacha ó Met Éireann a bheidh ar an liosta nua agus tiocfaidh an chuid eile ó Albain, ó Shasana agus ón Bhreatain Bheag.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta